Fúinn

Eolas faoin Eagraíocht

Maidir leis An Choimisiúin um Achomhairc Chánach

Foilsithe: 17 Aibreán 2020
Ó: An Coimisiúin um Achomhairc Chánach

1. Réamhrá

Tá sé mar sprioc ag an gCoimisiúin um Achomhairc Chánach próiseas achomhairc nua-aimseartha, neamhspleách agus éifeachtúil a sholáthar maidir le gach achomharc cánach a éisteacht agus a bhreithniú.

Is féidir leat tuilleadh faoi spriocanna an Choimisiúin a léamh sa Ráiteas Straitéise

2.Feidhmeanna an Choimisiúin um Achomhairc Chánach

Is é príomhról an TAC moltóireacht, éisteacht agus socrú a dhéanamh i ndáil le hachomhairc ar chinntí agus ar shocruithe a rinne na Coimisinéirí Ioncaim maidir le cáin agus dleacht. Tá na sainfheidhmeanna ag na Coimisinéirí um Achomhairc leagtha amach in alt 6 den Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach) 2015.

Tá ceangal ar na Coimisinéirí um Achomhairc, agus iad ag comhlíonadh a ndualgas, a chinntiú go bhfuil na cúrsaí faoina mbráid inrochtana, cothrom agus curtha de láimh chomh tapa agus is féidir.

Tá roinnt forálacha in Acht 2015 a bhfuil an cuspóir acu tacú agus slánú a dhéanamh ar neamhchlaontacht agus ar neamhspleáchas na gCoimisinéirí agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhme, mar atá, alt 3 a bhunaíonn an Coimisiún mar chomhlacht corparáideach, alt 6 a bhunaíonn feidhmeanna na gCoimisinéirí um Achomhairc agus alt 10 a chuireann ceangal ar an gCoimisiún a bheith neamhspleách agus a fheidhmeanna á gcomhlíonadh aige.

Déanann an tAcht Airgeadais (Rialachán Achomharc Cánach agus Réamheolaire) 2019 foráil idtaca le Cathaoirleach a earcú don Choimisiún um Achomhairc Chánach.

3. Naisc Chorparáideacha