Beartas maidir le Soláthar agus Íocaíocht le Soláthraithe

Foilsithe: 28 Feabhra 2020
Ó: An Coimisiúin um Achomhairc Chánach

Tá an Coimisiún Achomhairc Chánach tiomanta do luach ar airgead a bhaint amach i soláthar earraí agus seirbhísí atá riachtanach do ghníomhaíochtaí an Choimisiúin. Ó Eanáir 2019, ghlac an Coimisiún páirt iomlán i dtionscnaimh leanúnacha na hOifige um Sholáthar Rialtais (OGP) lena n-áirítear úsáid seirbhísí agus seirbhísí comhroinnte iomchuí a comhaontaíodh faoin gComhaontú Seirbhíse (SLA) leis na Coimisinéirí Ioncaim. Táthar ag cloí le beartais agus nósanna imeachta atá de réir na dTreoirlínte um Sholáthar Poiblí le haghaidh Earraí agus Seirbhísí. Fanfaidh rialuithe i bhfeidhm chun comhlíonadh na straitéise seo a chinntiú.

Foráiltear le nósanna imeachta inmheánacha an Choimisiúin go bhfógraítear conarthaí ar a bhfuil luach níos mó ná € 25,000 ar shuíomh gréasáin eTenders.

Féach cáipéisí ina bhfuil faisnéis faoi Orduithe Ceannaigh le haghaidh earraí agus seirbhísí ar a bhfuil luach níos mó ná € 20,000 orthu.