Ráiteas Cáis

Tar éis duit d'Fhógra Achomhairc a chur isteach, féadfaidh an Coimisiún um Achomhairc Chánach a ordú duit Ráiteas Cáis a sholáthar.

Is féidir teimpléad le haghaidh Ráiteas Cáis a íoslódáil anseo.

Chun cabhair a fháil chun Ráiteas Cáis a chomhlánú, féach ar ár nóta Treorach thíos

Nóta Treorach Ráiteas Cáis

Roinn 1: Sonraí an achomharcóra

Úsáidtear an focal "Achomharcóir" chun cur síos a dhéanamh ar an duine / cuideachta / eagraíocht lena mbaineann an t-achomharc.

Comhlánaigh an chuid seo ina hiomláine ionas gur féidir linn teagmháil a dhéanamh leat le tuilleadh eolais maidir le d'achomharc.

Is féidir d'Uimhir Thagartha Achomhairc Chánach a fháil ar chomhfhreagras an Choimisiúin Achomhairc Chánach ag admháil go bhfuarthas d'achomharc, nó ar an gcomhfhreagras ag iarraidh ort Ráiteas Cáis a chur isteach.

Éilímid freisin an UPSP / Uimhir Thagartha Cánach a bhaineann le d'achomharc. Beidh an uimhir seo ar chomhfhreagras a cuireadh chugat ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Roinn 2: Sonraí Achomhairc

Iarrtar sonraí sa roinn seo a chabhróidh linn éisteacht a phleanáil má bhíonn ceann ag teastáil. Freagair gach ceist sa roinn seo.

Cinneadh gan gá le hÉisteacht

D'fhéadfadh sé gur cuí go gcinnfeadh Coimisinéir Achomhairc cás bunaithe ar an bhfianaise a cuireadh isteach agus nach gá éisteacht a reáchtáil. Is minic gur próiseas níos tapúla é sin agus b'fhéidir go mb'fhearr le roinnt páirtithe é. Cuir in iúl, le do thoil, má aontaíonn tú le do chás a chinneadh gan éisteacht má mheasann Coimisinéir Achomhairc gur cuí é sin.

Ionadaíocht le linn éisteachta

Cuir in iúl, le do thoil, an bhfuil sé i gceist agat ionadaíocht a bheith agat in éisteacht (i.e. trí abhcóide, aturnae nó gníomhaire cánach), má theastaíonn a leithéid. Cabhróidh an t-eolas sin linn agus aon éisteacht á sceidealú againn.

Éisteachtaí Poiblí

De réir réamhshocraithe déanfar gach éisteacht a thionól go poiblí, mura n-iarrann an tAchomharcóir an éisteacht ina iomláine, nó cuid di, a thionól go príobháideach. Mura gcuireann tú rogha in iúl sa roinn seo, glacfaimid leis nach gcuireann tú i gcoinne aon éisteachta le linn d'achomhairc a bheith ar siúl go poiblí.

Tá sé de chumhacht ag na Coimisinéirí Achomhairc freisin a ordú go n-éistfear éisteacht, nó cuid d'éisteacht, go príobháideach má mheasann siad gur gá é. I measc na gcásanna ina n-eiseodh na Coimisinéirí Achomhairc an treoir sin tá:

  • Ar mhaithe le hord poiblí nó le slándáil náisiúnta,
  • Chun dochar tromchúiseach do leas an phobail a sheachaint,
  • Rúndacht na faisnéise íogaire a choinneáil,
  • Chun ceart duine aonair a chosaint ar mheas dá s(h)aol príobháideach agus dá s(h)aol teaghlaigh, nó
  • Ar mhaithe leis an gceartas.

Meastachán ar fhad dóchúil éisteachta

Iarrtar ort meastachán a sholáthar ar an achar ama a thógfaidh sé chun d'achomharc a éisteacht os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc. Ba cheart duit an fad ama a thógfaidh sé ort an fhianaise scríofa atá liostaithe agat thuas a chur san áireamh, na finnéithe ar féidir leat glaoch orthu chun fianaise a chur i láthair ag an éisteacht (más gá) agus na hargóintí is mian leat a dhéanamh. Cuimhnigh, le do thoil, go bhféadfadh an páirtí eile iarracht a dhéanamh fianaise a chur i láthair freisin lena n-áirítear finnéithe ag an éisteacht, chomh maith lena gcuid argóintí a chur chun tosaigh ag an éisteacht.

De réir mar a mheasann tú an t-am a chreideann tú a d'fhéadfadh an éisteacht a ghlacadh, b'fhéidir gur mhaith leat athbhreithniú a dhéanamh ar threoir maidir le héisteacht achomhairc a stiúradh lena n-áirítear treoir maidir leis an am atá ar fáil gach lá le haghaidh éisteachtaí.

Roinn 3: Breac-chuntas ar Fhíricí Ábhartha

Déan cur síos, i dtéarmaí simplí, ar na fíricí a bhaineann leis an ábhar atá faoi aighneas.

Mar shampla, má bhaineann d'achomharc le faoiseamh cánach a séanadh ort amhail asbhaint costais, nó creidmheas cánach, tabhair breac-chuntas ar na fíricí a thugann ort a mheas gur comhlíonadh na coinníollacha go léir don fhaoiseamh.

Is minic a bhíonn roinnt coinníollacha ann nach mór a shásamh chun go mbainfeadh cáiníocóir leas as faoiseamh. De réir mar a mheasann tú na fíricí, tabhair breac-chuntas ar na coinníollacha sin a chreideann tú a comhlíonadh agus iad siúd a chreideann tú a d'fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim a bheith ag ceistiú.

De réir mar a dhéanann tú anailís ar an gcúis a gcreideann tú go gcomhlíonann tú na coinníollacha don fhaoiseamh, smaoinigh ar an bhfianaise scríofa is féidir leat a chur ar fáil chun bunús a thabhairt do do sheasamh.

I do chur síos ar fhíricí an achomhairc, molaimid duit na coinníollacha sin a shainaithint a chreideann tú atá riachtanach chun go mbainfeadh an faoiseamh leat. Ní gá go mbeadh na hábhair seo go léir faoi dhíospóid leis na Coimisinéirí Ioncaim. Sa chás go gcreideann tú go mbaineann an t-ábhar atá faoi dhíospóid le d'incháilitheacht chun roinnt coinníollacha den fhaoiseamh a chomhlíonadh, ach nach bhfuil coinníollacha eile faoi dhíospóid, is féidir leat é sin a lua i d'achomharc. B'fhéidir gur mhaith leat díriú ansin i do Ráiteas Cáis ar na fíricí agus an fhianaise a bhaineann leis na coinníollacha faoisimh atá faoi dhíospóid a chur i láthair.

Sa chás go gcreideann tú go gcomhlíonann tú na coinníollacha sin, déan cur síos chomh soiléir agus is féidir leat cén fáth a bhfuil sé sin amhlaidh agus déan cur síos ar aon fhianaise atá ar intinn agat a chur isteach chomh maith le do Ráiteas Cáis a thacaíonn leis an méid a chreideann tú.

B’fhiú duit do chur síos ar na fíricí a chrostagairt don fhianaise scríofa a bhíonn ceangailte agat leis an Ráiteas Cáis, chomh maith le cur síos na bhfinnéithe a dtiocfadh leat a bheith ag brath orthu. Ar an mbealach sin, is fusa dúinn an fhianaise atá ar intinn agat a chur i láthair a nascadh leis na fíricí san achomharc. Sampla de sin is ea innéacs a chur leis an bhfianaise scríofa a chuirfidh tú isteach in éineacht le do Ráiteas Cáis agus a crostagairtí a thabhairt do na hábhair sin agus tú ag cur síos ar na fíricí i d'achomharc.

Roinn 4: Na forálacha reachtúla a bhfuiltear ag brath orthu

Iarrtar ort liosta de na rannóga sa reachtaíocht a bhaineann le d'achomharc a chur in iúl, más eol duit iad.

Féadfar tagairtí na rannóige ábhartha a lua i gcomhfhreagras ó na Coimisinéirí Ioncaim a bhaineann leis an ábhar atá faoi dhíospóid.

Féadfaidh tú iarracht a dhéanamh tagairtí rannáin bhreise a mheasann tú a bheith ábhartha a chur isteach. Déan iarracht liosta iomlán de na tagairtí reachtúla a mheasann tú a bhaineann leis an ábhar atá faoi dhíospóid a lua. Tá roinnt samplaí de sin leagtha amach thíos:

  • Má bhaineann an t-ábhar atá faoi dhíospóid le faoiseamh cánach nó díolúine a séanadh ort, cuir isteach tagairt don alt cánach a thugann an faoiseamh nó an díolúine;
  • Má bhaineann an t-ábhar atá faoi dhíospóid le faoiseamh a fháil ar ais, cuir isteach tagairt don alt/do na hailt chánach a dheonaíonn an faoiseamh agus don alt/do na hailt a thugann cur síos ar an méid a tharlaíonn in imeachtaí áirithe chun a chur faoi deara an faoiseamh a bheith á shéanadh ina dhiaidh sin, nó an faoiseamh a tugadh a bheith glactha ar ais;
  • Má tá an cháin faoi dhíospóid á muirearú bunaithe ar luach sócmhainne, déan cur síos ar an alt cánach a fhorchuireann an muirear mar aon leis na hailt ina leagtar amach na rialacha, más ann, chun an tsócmhainn a mheas chun críocha cánach;
  • Más nuair a dhéantar sócmhainn a dhiúscairt a thionscnaítear an cháin faoi dhíospóid, cuir isteach na hailt a dhéanann cur síos ar an teagmhas diúscartha a bhaineann leis an tsócmhainn.

Roinn 5: Aon chásdlí ábhartha (más infheidhme)

Iarrtar ort liosta a chur isteach anseo den chásdlí ábhartha a mheasann tú a thacóidh le d'achomharc, má tá a fhios agat faoi cheann ar bith.

Sa roinn seo, ní gá ach liosta a dhéanamh de na tagairtí cásdlí a mbeidh tú ag brath orthu (agus más eol duit) mar thaca le d'argóintí dlí. Ní cheanglaítear ort sa roinn seo den fhoirm argóintí mionsonraithe dlí a leagan amach mar thaca le d'achomharc.

Roinn 6: Faisnéis Fhorlíontach

Bain úsáid as an roinn seo chun aon eolas breise a sholáthar dúinn a chreideann tú a d'fhéadfadh a bheith ábhartha do do chás nár chuir tú ar fáil in áiteanna eile ar an bhfoirm.

Do ráiteas Cáis a chur isteach

Nuair a chuirtear do Ráiteas Cáis isteach, tá de cheangal ort cóip de a chur ar fáil don pháirtí eile san achomharc. Nuair a bheidh sé comhlánaithe seol do Ráiteas Cáis ar ais, mar aon le haon doiciméid tacaíochta, chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach, le cóip chuig an bpáirtí eile trí ríomhphost ag info@taxappealsireland.ie

Mura bhfuil tú in ann a chur isteach trí ríomhphost, seol ar aghaidh é chuig an seoladh poist thíos. Ní mór duit cóip den ábhar seo a chur ar fáil don pháirtí eile freisin.

An Coimisiún um Achomhairc Chánach

Cúirt Mhic Liam

Clós Líosain

Baile Átha Cliath 2

D02 YW24

Na Chéad Chéimeanna Eile

Déanfaidh an Coimisiún um Achomhairc Chánach:

  • Seiceáil ar na sonraí a cuireadh isteach i do Ráiteas Cáis agus d'fhéadfadh sé tuilleadh eolais a iarraidh ort.
  • Comhfhreagras leat chun na chéad chéimeanna eile a dheimhniú.