Saoráil Faisnéise

Eolas faoin Eagraíocht

Iarratais ar Shaoráil Faisnéise

Arna fhoilsiú: 30 Meán Fómhair 2020
Ó: An Coimisiún um Achomhairc Chánach

1. Réamhrá

2. Conas is féidir liom Iarratas SF a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach?

3. An ngearrfar táille orm as faisnéis a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?

4. Scéim Foilseacháin SF

5. Cinntí SF

6. Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE)

7. Míreanna a Fhoilsítear go Rialta

1. Réamhrá

Tá freagracht lárnach beartais ar an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe as an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.  Tá faisnéis ghinearálta maidir le SF, lena n-áirítear an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 ar fáil ar láithreán gréasáin náisiúnta SF

Ba chóir aon cheisteanna maidir le hiarratais ar Shaoráil Faisnéise a sheoladh chuig an Uasal Paddy O'Keeffe ag an seoladh thíos:

Aonad SF an Choimisiúin um Achomhairc Chánach

Seoladh: Aonad SF, Cúirt Mhic Liam, Clós Líosain, Baile Átha Cliath 2, D02 YW24
Fón: 01-6624530,
Ríomhphost: foi@taxappeals.ie

2. Conas is féidir liom Iarratas SF a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach?

Ba cheart d'iarratas a sheoladh ar ríomhphost chuig foi@taxappeals.ie, FAO Paddy O'Keeffe (Oifigeach SF), ina ndéanann tú tagairt don Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, agus an oiread eolais agus is féidir a thabhairt faoi na taifid atá á lorg.

Is é ríomhphost an bealach teagmhála is fearr idir iarrthóirí agus an Coimisiún chun críocha riaracháin; mar sin féin, is féidir iarratais a sheoladh i scríbhinn chuig an seoladh seo a leanas freisin:

An tAonad um Shaoráil Faisnéise

Seoladh: An Coimisiún um Achomhairc Chánach, Cúirt Mhic Liam, Clós Líosain, Baile Átha Cliath 2, D02 YW24

Ríomhphost: foi@taxappeals.ie

Tabharfar freagra tráth nach déanaí ná 4 seachtaine ón am faighte an Iarratas.

3. An ngearrfar táille orm as faisnéis a iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?

Ní ghearrfar. Ní bhíonn aon táille ar iarratais phearsanta nó neamhphearsanta.

Is féidir táillí eile a bheith i gceist ar son an ama a chaitear ag aimsiú taifid agus as aon chostais fótachóipeála a thabhaíonn an Coimisiún chun an t-ábhar a iarrtar a chur ar fáil duit. Is beag seans go ngearrfar aon táillí maidir le taifid phearsanta, ach amháin sa chás go bhfuil líon mór taifead i gceist. Déantar foráil in alt 27 den Acht um Shaoráil Faisnéise do tháillí.

Seo a leanas achoimre ar struchtúr nua na dtáillí maidir le hiarratais neamhphearsanta:

Tá tairseach íosta €101 ann faoi nach féidir aon táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a ghearradh.  Nuair a shroicheann an táille €101, bíonn táillí iomlána i bhfeidhm; Tá srian de €500 ar an méid táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála is féidir a ghearradh; Tá uasteorainn bhreise de €700 ar tháillí measta cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála ar féidir leis an TAC diúltú iarratas a phróiseáil má théann sé os a chionn, ach amháin má bhíonn an t-iarrthóir sásta an t-iarratas a bheachtú chun na táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a thabhairt faoi bhun na teorann;

Liosta táillí

  • €30 táille athbhreithniú inmheánach - iarratais neamhphearsanta
  • €10 táille athbhreithniú inmheánach (sealbhóirí cárta leighis)
  • €50 achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise
  • €10 achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise (sealbhóirí cárta leighis)
  • €20 san uair ar chuardach agus ar aisghabháil
  • €0.04 an bhileog ar fhótachóip

Tá na fiosruithe nó na hiarratais seo a leanas díolmhaithe ó tháille:

  • iarraidh faoi Alt 12 ar thaifead nó ar thaifid nach bhfuil iontu ach faisnéis phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir
  • iarratas faoi Alt 9 (ceart leasaithe ar thaifid a bhaineann le faisnéis phearsanta)
  • iarratas faoi Alt 10 (ceart duine chun faisnéise maidir le gníomhartha comhlachtaí poiblí a dhéanann difear don duine)

4. Scéim Foilseacháin SF

Tá Scéim Foilseacháin SF ullmhaithe ag an gCoimisiún um Achomhairc Chánach, a chuireann réimse eolais ar fáil faoin gCoimisiún Um Achomhairc Chánach agus faoina chuid oibre.

5. Cinntí SF

Tugtar sonraí sa chuid seo maidir le hiarratais ar thug an Coimisiún um Achomhairc Chánach freagra orthu faoin Acht um Shaoráil Faisnéise: Loga um Nochtadh SF.

6. Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE)

Tugann Rialacháin AIE cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag iarraidh rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcomhshaol ó údaráis phoiblí.

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

7. Míreanna a Fhoilsítear go Rialta

Foilsíonn an Coimisiún um Achomhairc Chánach roinnt doiciméad go rialta a chlúdaíonn réimse faisnéise faoin gCoimisiún agus a chuid oibre. Cé go bhfoilsítear iad sin mar chuid dá scéim Foilseacháin SF, is féidir teacht ar bhailiúchán de na míreanna sin go díreach anseo: Faisnéis a Fhoilsítear go Rialta.