Foirm Fógra um Achomharc

Fógra um Achomharc

Ní mór duit an Fógra Achomhairc a chur isteach tráth nach déanaí ná 30 lá ón dáta ar an bhfógra measúnaithe nó ar an teorainn ama atá leagtha amach i litir chinnidh na gCoimisinéirí Ioncaim nó an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB).

Má tá achomharc á chur isteach agat tar éis na tréimhse seo d'fhéadfaí glacadh leis fós, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Féach an chuid thíos ar achomhairc dhéanacha chun tuilleadh sonraí a fháil faoi sin.

Táimid tiomanta i gcónaí do do phríobháideachas a chosaint agus a urramú. Le faisnéis a fháil faoin gcaoi a láimhseálann an Coimisiún um Achomhairc Chánach do shonraí pearsanta, léigh Fógra Príobháideachta an Choimisiúin.

Conas Achomharc a Dhéanamh

Chun Achomharc a dhéanamh, ní mór duit foirm Fhógra Achomhairc a chomlánú:

  •  Ar líne, ar fáil ANSEO, nó
  • Trí fhoirm Fhógra Achomhairc a íoslódáil agus a chomhlánú ANSEO agus í a sheoladh isteach tríd an bpost (féach Táb ‘Fógra Achomhairc’ le haghaidh tuilleadh sonraí)

Foirm Fhógra Achomhairc a chur isteach ar líne

Tá an tairseach Fógra Achomhairc ar fáil ANSEO. Tá an próiseas aighneachta iomasach agus treoróidh sé tú trí gach céim, go dtí go gcríochnófar é.

Tá ‘Treoir d’Úsáideoirí’ chun Achomharc Cánach a chur isteach ar líne ar fáil ANSEO  freisin. Tugann an doiciméad seo achoimre ar na céimeanna riachtanacha chun achomharc a chur isteach ar líne mar dhuine aonair (nó cuideachta) nó mar ionadaí thar ceann duine (nó cuideachta).

Má tá an Fógra Achomhairc curtha isteach agat ar líne cheana féin, níl aon cheanglas ort aon chóipeanna a chur chuig an gCoimisiún tríd an bpost.

Sa chás go mbíonn deacrachtaí agat an fhoirm a chomhlánú agus nár fhreagair an nóta treorach seo do cheist go hiomlán maidir leis an bhFógra Achomhairc a chomhlánú, cuir do cheist ar ríomhphost chuig [email protected]  nó glaoigh ar (01) 6624530.

Foirm Fhógra Achomhairc a chur isteach tríd an bPost

Íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm Fógra Achomhairc ANSEO Cabhróidh na nótaí treorach ar thaobh na láimhe deise den fhoirm leat an fhoirm a chomhlánú i gceart. Ní mór duit aon chuid atá marcáilte le réiltín* a chomhlánú.

Nuair a bheidh sé críochnaithe, cuir an fhoirm, chomh maith le haon doiciméid cealgailte eile, chuig an seoladh seo a leanas le do thoil:

Ní mór duit aon chuid atá marcáilte le réalta* a líonadh isteach

Cuid 1: Mionsonraí an Achomharcóra

Úsáidtear an focal Achomharcóir chun cur síos a dhéanamh ar an duine/comhlacht/eagraíocht atá ag déanamh achomharc.

Comhlánaigh an chuid seo go hiomlán chun go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat le tuilleadh faisnéise maidir leis an iarratas ar achomharc.

Éilímid an uimhir UPSP/Tagairt Chánach atá ábhartha do d’achomharc. Beidh an uimhir seo ar chomhfhreagras a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim duit.

I gcás achomhairc i gcoinne Cáin Chlárúcháin Feithiclí (VRT) teastaíonn uimhir chlárúcháin na feithicle uainn freisin

Cuid 2: Mionsonraí ionadaí an achomharcóra (má bhaineann le hábhar)

Is éard is ionadaí ann ná duine atá ceaptha ag an Achomharcóir le cabhrú leis an bpróiseas achomhairc. Níl sé riachtanach ionadaí a ainmniú; tá lánteideal agat ionadaíocht a dhéanamh ar do shon féin.

Más mian leat ionadaí a cheapadh líon isteach a gcuid sonraí sa chuid seo le do thoil. I gcás ina gcuireann an t-achomharcóir an fhoirm isteach go díreach, glacfar leis seo mar údarú duit don ionadaí seo gníomhú thar do cheann. Má chuireann d’ionadaí d’fhoirm fógra achomhairc isteach thar do cheann, ní mór duit údarú i scríbhinn a thabhairt dúinn ina ndeir tú go dtugann tú cead don oifig seo d’achomharc a phlé agus comhfhreagras a dhéanamh leis an duine ainmnithe.

Más amhlaidh go n-ainmníonn tú ionadaí cuirfear gach comhfhreagras chuig an ionadaí agus ní chugat go díreach. Leanfaimid orainn ar an bhealach seo go dtí go gcuirfidh tú féin nó d’ionadaí a mhalairt de chomhairle orainn.

Cuimhnigh le do thoil sinn a chur ar an eolas i scríbhinn má cheapann tú ionadaí nua.

Cuid 3: Mionsonraí ábhar an Achomhairc

Ní mór duit mionsonraí iomlána a sholáthar dúinn faoin gceist ar mhian leat achomharc a dhéanamh ina leith. Éilímid mionsonraí faoin gcineál cánach nó ábhair a bhfuil tú ag déanamh achomharc ina choinne agus an méid atá i gceist.  

Más mian leat achomharc a dhéanamh ar níos mó ná cinneadh amháin maidir le nithe gaolmhara, cuir isteach iad ar fhoirm amháin. Ba chóir gach cinneadh ar leith a iontráil i réimse nua Measúnaithe/Cinnidh. Ba chóir nithe neamhghaolmhara a chur isteach ar Fhógra Achomhairc ar leith.

Cuid 4: Forais Achomhairc

Tugann an chuid Forais Achomhairc deis duit a rá cén fáth nach n-aontaíonn tú leis an measúnú/cinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim. Má bhaineann d’achomharc le níos mó ná saincheist amháin atá faoi dhíospóid, ní mór duit a mhíniú cén fáth nach n-aontaíonn tú le gach saincheist. Má theastaíonn níos mó spáis uait chun forais mhionsonraithe d’achomhairc a mhíniú go hiomlán, lean ar aghaidh le do fhorais achomhairc ar dhoiciméad ar leithligh agus cuir isteach é le d’fhógra achomhairc mura bhfuil dóthain spáis curtha ar fáil.

Ní mór duit na forais achomhairc uile a bhféadfadh tú brath orthu i do chás a áireamh sa chuid seo. Ní cheadófar duit foras nua achomhairc a thabhairt isteach ag céim níos déanaí ach amháin má bhíonn na Coimisinéirí Achomhairc sásta nach bhféadfaí an foras a lua go réasúnta san Fhógra Achomhairc.

Cuid 5: Ag uaslódáil aon doiciméid is mian leat a chur leis

Ní mór duit cóipeanna den mheasúnú/de na cinntí atá á n-achomharc agat ina gcoinne agus aon doiciméad/doiciméid eile a bhaineann le d’iarratas a chur isteach.

Cuid 6: - Sonraí Daingniúcháin

Roghnaigh freagra i ngach ceann de na boscaí sa chuid seo. Ná fág aon cheann folamh. Níl aon síniú riachtanach; ina ionad sin cuir isteach d’ainm iomlán agus an dáta.

Nótaí Treorach maidir le Foirm Fógra Achomhairc a chomhlánú tríd an bpost

Tabhair aird ar na nótaí treorach ar thaobh na láimhe deise den fhoirm mar go gcuideoidh siad leat an fhoirm a líonadh isteach i gceart. Ní mór duit aon chuid atá marcáilte le réalta* a líonadh isteach.

Cuid 1: Mionsonraí an Achomharcóra

Úsáidtear an focal Achomharcóir chun cur síos a dhéanamh ar an duine/comhlacht/eagraíocht atá ag déanamh achomharc.

Comhlánaigh an chuid seo go hiomlán chun go mbeimid in ann teagmháil a dhéanamh leat le tuilleadh faisnéise maidir leis an iarratas ar achomharc.

Éilímid an uimhir UPSP/Tagairt Chánach atá ábhartha do d’achomharc. Beidh an uimhir seo ar chomhfhreagras a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim duit.

I gcás achomhairc i gcoinne Cáin Chlárúcháin Feithiclí (VRT) teastaíonn uimhir chlárúcháin na feithicle uainn freisin.

Cuid 2: Mionsonraí ionadaí an achomharcóra (má bhaineann le hábhar)

Is éard is ionadaí ann ná duine atá ceaptha ag an Achomharcóir le cabhrú leis an bpróiseas achomhairc. Níl sé riachtanach ionadaí a ainmniú; tá lánteideal agat ionadaíocht a dhéanamh ar do shon féin.

Más mian leat ionadaí a cheapadh líon isteach a gcuid sonraí sa chuid seo le do thoil. I gcás ina gcuireann an t-achomharcóir an fhoirm isteach go díreach, glacfar leis seo mar údarú duit don ionadaí seo gníomhú thar do cheann. Má chuireann d’ionadaí d’fhoirm fógra achomhairc isteach thar do cheann, ní mór duit údarú i scríbhinn a thabhairt dúinn ina ndeir tú go dtugann tú cead don oifig seo d’achomharc a phlé agus comhfhreagras a dhéanamh leis an duine ainmnithe.

Más amhlaidh go n-ainmníonn tú ionadaí cuirfear gach comhfhreagras chuig an ionadaí agus ní chugat go díreach. Leanfaimid orainn ar an bhealach seo go dtí go gcuirfidh tú féin nó d’ionadaí a mhalairt de chomhairle orainn.

Cuimhnigh le do thoil sinn a chur ar an eolas i scríbhinn má cheapann tú ionadaí nua.

Cuid 3: An Modh Teagmhála is Fearr

Léirigh le do thoil an aontaíonn tú gur féidir leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach teagmháil a dhéanamh leat trí ríomhphost chun comhfhreagras a dhéanamh leat. Mura n-aontaíonn tú le cumarsáid ríomhphoist, déanfaimid comhfhreagras tríd an bpost.

Cuid 4: Mionsonraí ábhar an Achomhairc

Ní mór duit mionsonraí iomlána a sholáthar dúinn faoin gceist ar mhian leat achomharc a dhéanamh ina leith. Éilímid mionsonraí faoin gcineál cánach nó ábhair a bhfuil tú ag déanamh achomharc ina choinne agus an méid atá i gceist.  

Más mian leat achomharc a dhéanamh ar níos mó ná cinneadh amháin maidir le nithe gaolmhara, cuir isteach iad ar fhoirm amháin. Ba chóir gach cinneadh ar leith a iontráil i réimse nua Measúnaithe/Cinnidh. Ba chóir nithe neamhghaolmhara a chur isteach ar Fhógra Achomhairc ar leith.

Ní mór duit cóipeanna den mheasúnú/de na cinntí atá á n-achomharc agat ina gcoinne agus aon doiciméad/doiciméid eile a bhaineann le d’iarratas a chur isteach.

Cuid 5: Forais Achomhairc

Tugann an chuid Forais Achomhairc deis duit a rá cén fáth nach n-aontaíonn tú leis an measúnú/cinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim. Má bhaineann d’achomharc le níos mó ná saincheist amháin atá faoi dhíospóid, ní mór duit a mhíniú cén fáth nach n-aontaíonn tú le gach saincheist. Má theastaíonn níos mó spáis uait chun forais mhionsonraithe d’achomhairc a mhíniú go hiomlán, lean ar aghaidh le do fhorais achomhairc ar dhoiciméad ar leithligh agus cuir isteach é le d’fhógra achomhairc mura bhfuil dóthain spáis curtha ar fáil.

Ní mór duit na forais achomhairc uile a bhféadfadh tú brath orthu i do chás a áireamh sa chuid seo. Ní cheadófar duit foras nua achomhairc a thabhairt isteach ag céim níos déanaí ach amháin má bhíonn na Coimisinéirí Achomhairc sásta nach bhféadfaí an foras a lua go réasúnta san Fhógra Achomhairc.

Cuid 6: Sonraí Daingniúcháin

Roghnaigh freagra i ngach ceann de na ceithre bhosca deimhnithe sa chuid seo. Ná fág aon cheann bán. Má tá tú ag comhlánú an fhoirm go leictreonach, níl aon síniú ag teastáil; ina ionad sin cuir isteach d’ainm iomlán agus do dháta.

Mar a luadh thuas, má chuireann ionadaí atá ag gníomhú thar do cheann an fhoirm isteach, ní mór duit údarú i scríbhinn a thabhairt dúinn ina ndeir tú go dtugann tú cead don oifig seo do chás a phlé agus comhfhreagras a dhéanamh leis an duine ainmnithe.

Achomhairc Dhéanacha

I gcás ina gcuirtear achomharc isteach níos mó ná 30 lá tar éis an dáta ar an bhfógra measúnachta nó an teorainn ama a leagtar amach i litir chinnidh na gCoimisinéirí Ioncaim nó an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB), measfar gur ‘Achomharc Déanach’ é.

Deir Alt 949O den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, arna leasú, go bhféadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc déanach a ghlacadh i gcás ina bhfuil siad sásta go gcomhlíontar na coinníollacha sonraithe.

Sonraigh go mion le do thoil conas a chomhlíonann d’iarratas ar achomharc déanach coinníollacha Alt 949O den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, arna leasú (féach sonraí thíos). Is féidir leat é seo a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an mbosca Sonraí Achomhairc Dhéanach ag deireadh na foirme Fógra Achomhairc.

Alt 949O - Achomhairc dhéanacha

949O

(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc déanach a ghlacadh i gcás—

(a)        go bhfuil siad sásta—

(i)         gur cuireadh cosc ​​ar an achomharcóir an t-achomharc a dhéanamh laistigh den tréimhse a shonraítear leis na hAchtanna chun an t-achomharc sin a dhéanamh, de bharr easláithreachta, breoiteachta nó cúis réasúnta eile, agus

(ii)        go ndéantar an t-achomharc ina dhiaidh sin gan mhoill mhíréasúnta, agus

(b)        go ndéantar an t-achomharc laistigh de thréimhse 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear leis na hAchtanna chun an t-achomharc sin a dhéanamh.

(2) D'ainneoin na tréimhse a shonraítear i mír (b) de fho-alt (1) chun achomharc a dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a ghlacfar tar éis dheireadh na tréimhse sin i gcás ina bhfuil feidhm ag mír (a) den fho-alt sin agus—

(a)        go seachadtar aon tuairisceán a bhí le seachadadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim faoi na hAchtanna amhlaidh,

agus

(b)        go gcomhlíontar an ceanglas i bhfo-alt (3)(a) nó (b) (nó an dá cheann de réir mar a bheidh).

(3) Is ceanglas a luaitear i bhfo-alt (2) (b) gach ceann díobh seo a leanas—

(a)        i gcás, i dtuairim na gCoimisinéirí Achomhairc, nach leor an tuairisceán dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(a) chun go bhféadfar an t-achomharc a chinneadh, gur soláthraíodh aon fhaisnéis eile a chuirfeadh ar a gcumas, i dtuairim na gCoimisinéirí Achomhairc, an t-achomharc a chinneadh gan mhoill mhíchuí, agus

(b)        i gcás ina ndéantar achomharc i gcoinne measúnachta, gur íocadh aon cháin a ghearrtar leis an measúnú mar aon le haon ús ar an gcáin sin is inmhuirearaithe faoi—

(i)         alt 1080,

(ii)        alt 159D den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999,

(iii)       alt 103 den Acht Airgeadais 2001,

(iv)       alt 51 den Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitil 2003,

(v)        alt 114 den Acht Comhdhlúite Cánach Breisluacha 2010, nó

(vi)       alt 149 den Acht Airgeadais (Cáin Maoine Áitiúil) 2012, de réir mar a bheidh, tráth a ndéantar an t-achomharc.

(4) Chun cinneadh a dhéanamh an nglacfar le hachomharc déanach, féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc cibé fiosrúcháin a dhéanamh is gá nó is cuí leo agus féadfaidh siad déanamh amhlaidh trí éisteacht a reáchtáil.

(5) Ní laghdaíonn aon ní san alt seo feidhmeanna na gCoimisinéirí Achomhairc faoi alt 949N.