An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 – Oifigigh Phoiblí Ainmnithe sa Choimisiún um Achomhairc Chánach

Faoi Alt 6 (4) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 20165, ceanglaítear ar gach eagraíocht phoiblí liosta a fhoilsiú a thaispeánann ainm, grád agus mionsonraí gairide ar ról agus freagrachtaí gach “Oifigeach Poiblí Ainmnithe”. Is é is cuspóir leis an liosta ná:

ligean don phobal na daoine sin atá ina nOifigigh Phoiblí Ainmnithe a aithint agus
é a bheith ina acmhainn do bhrústocairí a chomhdaíonn tuairisceán ar an gClár a bhféadfadh sé go mbeadh orthu sonraí Oifigeach Poiblí Ainmnithe a aimsiú

Oifigigh Phoiblí Ainmnithe

  • Marie-Claire Maney - Cathaoirleach
  • Clare O'Driscoll – Coimisinéir Sealadach um Achomhairc Chánach
  • Conor O'Higgins – Coimisinéir Sealadach um Achomhairc Chánach
  • Andrew Feighery  – Coimisinéir Sealadach um Achomhairc Chánach
  • Claire Millrine – Coimisinéir Sealadach um Achomhairc Chánach
  • Simon Noone – Coimisinéir Sealadach um Achomhairc Chánach

Róil agus Freagrachtaí an Chathaoirligh agus Choimisinéara um Achomhairc Chánach

Tá freagrachtaí an Chathaoirligh agus an Choimisinéara de réir an Achta Airgeadais (Achomhairc Chánach) 2015 a fhorálann go sonrach go mbeidh siad neamhspleách i gcomhlíonadh a ndualgas. Ar a bharr sin, tugann forálacha éagsúla in Acht 2015 cumhachtaí don Chathaoirleach agus don Choimisinéir:

  • cinneadh a dhéanamh cé acu an nglacfar le hachomharc nó nach nglacfar,
  • cinneadh a dhéanamh ar cheart a dhearbhú, faoi alt 949N (3) (a cuireadh isteach le halt 34) d'Acht 1997, nach bhfuil aon dul thar dhiúltú glacadh le hachomharc,
  • cinneadh a dhéanamh ar an nós imeachta chuí ba cheart a ghlacadh maidir le breithniú ar achomharc,
  • treoracha a thabhairt do na rannpháirtithe in achomharc,
  • dátaí, amanna agus áiteanna a shocrú le haghaidh éisteachtaí le hachomhairc,
  • éisteacht le hachomharc i gcás nuair a chinneann an Coimisinéir gurb é éisteacht an modh iomchuí chun breithniú a dhéanamh ar an achomharc,
  • cinntí a dhéanamh ar achomhairc,
  • cinntí i scríbhinn a sholáthar le haghaidh foilsithe,
  • cásanna a shonraítear le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte a shonrú agus a shíniú,
  • córais agus nósanna imeachta éifeachtúla agus éifeachtacha a bhunú agus a chothabháil chun próiseáil, breithniú agus cinneadh achomharc a chinntiú ar bhealach tráthúil agus éifeachtach, agus
  • gach rud eile a dhéanamh a mheasann sé a bheith fabhrach le cabhrú le díospóidí idir achomharcóirí agus na Coimisinéirí Ioncaim a réiteach agus an dliteanas ceart i leith cánach achomharcóirí a bhunú.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach Lobbying.ie