Bunú an Choimisiúin Achomhairc Chánach

Bunaíodh an Coimisiún um Achomhairc Chánach (TAC) an 21 Márta 2016 de réir fhorálacha an Achta Airgeadais (Achomhairc Chánach), 2015.

Rinneadh dlí den Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach) 2015 faoi lámh an Uachtaráin ar an 25 Nollaig 2015. Chuir an tAire Airgeadais a shíniú leis na horduithe cuí tosaigh feidhme, le feidhm a thabhairt do na forálacha reachtacha nua, ar an 26 Feabhra 2016. Ar an 21 Márta 2016, bunaíodh an TAC agus tháinig an réimeas nua i bhfeidhm le próiseáil a dhéanamh ar achomhairc chánach.

Déanann alt 10 den Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach) 2015 foráil shonrach go mbeidh an Coimisiún agus a chuid comhaltaí neamhspleách agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhme. Lena chois sin, tá forálacha éagsúla in Acht 2015 a thugann de chumhacht do na Coimisinéirí bainistiú níos gníomhaí a dhéanamh ar chásanna ná mar ba ghnách roimhe, rud a dhaingníonn oibríocht neamhspleách an phróisis achomhairc.

Is iad ról agus freagrachtaí an TAC na ceanglais a bunaíodh faoin Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach) 2015. Seachas roinnt eisceachtaí, scrúdaíonn an TAC gearáin ó dhaoine a cheapann nár caitheadh go cothrom agus ar bhealach neamhchlaonta agus gasta leo le measúnuithe a d’ardaigh na Coimisinéirí Ioncaim.