Cad é atá Inachomhairc?

Na nithe ar féidir achomharc a iarraidh orthu chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh i gcoinne fhormhór mheasúnuithe na gCoimisinéirí Ioncaim ar an méid cánach nó dleachta atá le híoc.

Is féidir achomharc a dhéanamh freisin i gcoinne fhormhór na gcineálacha cinnidh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nach n-aontaíonn tú leo. Mar sin féin, ní féidir é sin a dhéanamh ach amháin nuair a bheidh fógra deiridh measúnaithe faighte agat nó litir ag cur an chinnidh dheiridh in iúl ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Ba cheart duit do roghanna a mheas sula ndéanfaidh tú achomharc, lena n-áirítear a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim féachaint arís ar an measúnú. Is féidir go leor easaontais a shocrú trí phlé nó trí chomhfhreagras leis na Coimisinéirí Ioncaim gan iallach a bheith ort dul chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach i ndáiríre.

Seo a leanas roinnt samplaí de na cineálacha fógraí deiridh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar féidir achomharc a dhéanamh ina leith:

  • faoiseamh a dhiúltú amhail asbhaint costais ó bhrabúis trádála
  • éileamh ar aisíoc cánach a dhiúltú
  • creidmheas nó liúntas cánach a dhiúltú
  • luacháil sócmhainne chun críocha Cánach Gnóchan Caipitiúil (CGC)
  • cinneadh go bhfuil duine ina chónaí in Éirinn i dtaca le cáin de
  • cinneadh faoi cé acu atá duine féinfhostaithe nó ina fhostaí chun críocha cánach
  • cinneadh maidir leis an ráta Cánach Breisluacha (CBL) is inmhuirearaithe
  • luacháil ar charr allmhairithe chun críocha Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF).

Go ginearálta, níl i dteideal achomhairc.a dhéanamh ach an té a ndéanann an measúnú nó an cinneadh áirithe difear díreach dó nó di

An méid nach féidir leat achomharc a dhéanamh ina leith chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach

Tá nithe áirithe nach féidir leat achomharc a dhéanamh ina leith chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Déan athbhreithniú cúramach orthu seo sula gcuirfidh tú Fógra Achomhairc faoi bhráid an Choimisiúin um Achomhairc Chánach.

Sula ndéanfaidh tú achomharc, ba chóir go mbeadh a fhios agat nach féidir leis an TAC:

  • Cinneadh a dhéanamh maidir le hábhair nach mbaineann le cáin.
  • An dlí a athrú
  • Déileáil le gearáin riaracháin faoi iompar oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim. Má tá tú míshásta leis an mbealach ar dhéileáil na Coimisinéirí Ioncaim le do ghnóthaí cánach, féach ar an treoir a thugann siad agus conas gearán a dhéanamh anseo.
  • Teacht ar réiteach maidir le difríocht tuairime idir tú féin agus na Coimisinéirí Ioncaim nuair nach mbíonn tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim ag an staid fós inar eisíodh fógra measúnaithe nó ina ndearnadh cinneadh foirmiúil.
  • An méid úis a chinneadh nó a athrú ar íocaíocht dhéanach chánach. Forchuirtear leis an  reachtaíocht an méid úis a eascraíonn as íocaíocht dhéanach chánach. Níl aon rogha ag an gCoimisiún um Achomhairc Chánach muirir úis a choigeartú.
  • I ndálaí teoranta, féadfaidh tú a bheith i dteideal achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le forchur pionóis chánach. Ní dhéileálfaidh sé le pionóis a d'fhéadfadh a bheith i bhfeidhm ar leithligh.
  • Do dhliteanas cánach nó dleachta féinmheasúnaithe, nó suim chomhaontaithe nó ábhar a chuir tú isteach i dtuairisceán nó i ráiteas eile a chuir tú faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim.
  • Measúnú ar cháin i gcás nár chuir tú tuairisceán ar ioncam isteach agus gur íoc tú an dliteanas cánach féinmheasúnaithe a dearbhaíodh sa tuairisceán.
  • Cáin Chlárúcháin Feithiclí (CCF) nó cinntí Dleachta Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, gan a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim ar dtús athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar. Mura n-aontaíonn tú leis an gcinneadh deiridh ó na Coimisinéirí Ioncaim, is ansin amháin is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Ní mór roinnt achomharc a bhaineann le díospóid faoi mhargadhluach talún nó maoine a dhéanamh le comhlacht ar a dtugtar an Coiste Tagartha Luachanna Talún agus ní chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach. Baineann sé sin le luachálacha a úsáidtear chun dliteanas duine i leith Cáin Mhaoin Áitiúil, Dleacht Stampa, Cáin Fáltas Caipitiúil (CAT) agus an Tobhach Sainchónaithe a bhunú.