Cosaint Sonraí agus Iarratas Duine ar a Sonraí

Cosaint Sonraí agus Iarratas Duine ar a Shonraí

Foilsithe: 15 Deireadh Fómhair 2020
Ó : An Coimisiúin um Achomhairc Chánach

Má tá aon cheisteanna agat maidir le Cosaint Sonraí sa Choimisiúin um Achomhairc Chánach téigh i dteagmháil linn trí na sonraí teagmhála a thaispeántar thíos a úsáid:

Sonraí Teagmhála an Oifigigh Chosanta Sonraí

Seoladh: Ms Emma Weldridge, Oifigeach Cosanta Sonraí, 2ú hUrlár, Cúirt Mhic Liam, Clós Líosain, Baile Átha Cliath 2, D02 YW24

Teileafón: 01 6624530

Ríomhphost: dpo@taxappeals.ie

Fógra Príobháideachta

Tá Fógra Príobháideachta an Choimisiúin um Achomhairc Chánach maidir le próiseáil Achomhairc Chánach ar fáil anseo: Privacy Notice

Iarratas Duine ar a S(h)onraí

I measc na gceart a thugtar leis An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, tá an ceart ag an duine is ábhar do na sonraí cóip dá shonraí pearsanta atá á próiseáil ag an gCoimisiún Achomhairc Chánach a fháil.

Le hIarratas Rochtain ar Ábhar maidir le Cosaint Sonraí a iarraidh, comhlánaigh an fhoirm thíos agus seol í tríd an bpost nó le ríomhphost chuig:

An tOifigeach Cosanta Sonraí, 2ú hUrlár, Cúirt Mhic Liam, Clós Líosain, Baile Átha Cliath 2, D02 YW24 nó dpo@taxappeals.ie. 

Ba cheart duit iarracht a dhéanamh a bheith chomh sonrach agus is féidir agus an fhaisnéis phearsanta atá á lorg agat uainn á haithint. Má theastaíonn cabhair uait an fhoirm um Iarratas ar Rochtain ar Ábhar (SAR) a chomhlánú, déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí.