Éisteachtaí a Thionóltar go Poiblí
Éisteachtaí
De réir alt 949Y den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, déanfar gach éisteacht ar achomharc ó na Coimisinéirí Achomhairc a thionól go poiblí. Mar sin féin, is féidir le hachomharcóir iarratas a dhéanamh faoi fho-alt 3 ar ordú go ndéanfar éisteacht achomhairc, nó cuid shonraithe d'éisteacht achomhairc, a thionól i gcúirt iata a bhféadfaidh Coimisinéir Achomhairc géilleadh dó.
Den chuid is mó, ceadaíonn na Coimisinéirí Achomhairc éisteachtaí a reáchtáil i gcúirt iata:
a) chun rúndacht a chaomhnú i leith faisnéis íogair, nó
b) chun ceart duine aonair ar urraim a thabhairt dá s(h)aol príobháideach agus teaghlaigh a chosaint.
Seo thíos liosta d'achomhairc atá le teacht a bheidh á reáchtáil go poiblí:
Dáta craolta | Am | cineál | Ainm an Achomharcóra | Cineál Cánach |
---|---|---|---|---|
28/09/2023 | 10am | Remote Hearing | Kevin Garvin | Local Property Tax |
28/09/2023 | 10:30am | Remote Hearing | Mark Jones | Artist's Exemption |
* Más mian leat féachaint ar na himeachtaí ó chian, cláraigh do spéis leis an gCoimisiún trí ríomhphost a sheoladh chuig tacremotesupport@taxappeals.ie a chuirfidh nasc ar aghaidh chugat ansin roimh an éisteacht.
** Chun críocha cosanta sonraí, ní úsáidfear do chuid sonraí ach amháin chun a chur ar do chumas féachaint ar na himeachtaí agus scriosfar iad díreach tar éis don éisteacht a bheith críochnaithe.
Le linn na héisteachta, iarraimid ort do cheamara a mhúchadh agus fanacht balbhaithe i rith an ama.