Eolas faoin TAC

1. Cé muid féin agus cad é a dhéanaimid

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún um Achomhairc Chánach, a bhfuil sé de chúram air próiseas achomhairc nua-aimseartha agus éifeachtúla a sholáthar maidir le héisteacht agus le breithniú díospóidí cánach.

Tá Cathaoirleach amháin ar an gCoimisiún faoi láthair, beirt Choimisinéirí Achomhairc a ceapadh ag an Aire Airgeadais, ceathrar Coimisinéirí Achomhairc shealadacha agus roinnt baill foirne riaracháin a thacaíonn leis na Coimisinéirí ina gcuid oibre.

Ár Misean

Is é ár misean próiseas achomhairc nua-aimseartha, neamhspleách agus éifeachtúil a chur ar fáil maidir le héisteacht agus le breithniú gach achomhairc chánach.

Ár gcuid Oibre

Comhlíonaimid ár misean trí

  • Gach achomharc OCA a phróiseáil a bhí ar láimh roimh thosach feidhme an TAC an 21 Márta 2016, a aistríodh chugainn ón OCA agus a dtugaimid achomhairc "idirthréimhseacha" orthu
  • Gach achomharc leagáide a phróiseáil
  • Gach iarratas réamhthosaithe ar chásanna sonraithe chun na hArd-Chúirte a phróiseáil, maidir le cinntí OCA roimhe seo
  • Gach achomharc a phróiseáil a fuair an TAC ó cuireadh tús leis an 21 Márta 2016. Áirítear leis sin, inter alia, éisteachtaí cásanna, réamhéisteachtaí agus comhdhálacha bainistíochta cásanna
  • Tuairisciú ar thorthaí cásanna trí chinntí a fhoilsiú
  • Úsáid a bhaint as ár mbuiséad vótáilte ar bhealach éifeachtach chun ár seirbhísí a sholáthar
  • Líon oiriúnach baill foirne oilte agus cháilithe a fhostú de réir ár mbuiséid vótáilte.

Ár bhFís

Tá sé mar aidhm againn seirbhís eiseamláireach a sheachadadh maidir le próiseáil agus le breithniú achomhairc chánach, trí phróiseas achomhairc éifeachtúil inrochtana a sholáthar as a dtiocfaidh corpas cinntí atá iontaofa ó thaobh an dlí de a chabhróidh le réimsí ábhartha dlí cánachais agus reachtaíochta a shoiléiriú.

Ár Luachanna

Is iad seo a leanas na luachanna atá mar bhonn lenár gcuid oibre:

  • Neamhspleáchas
  • Neamhchlaontacht
  • Éifeachtúlacht
  • Inrochtaineacht
  • Trédhearcacht

2. Bunú

Bunaíodh an Coimisiún um Achomhairc Chánach (TAC) an 21 Márta 2016 de réir fhorálacha an Achta Airgeadais (Achomhairc Chánach), 2015.

Shínigh an tUachtarán an tAcht Airgeadais (Achomhairc Chánach), 2015 ina dhlí an 25 Nollaig 2015. Shínigh an tAire Airgeadais na horduithe tosaithe ábhartha chun éifeacht a thabhairt do na forálacha reachtacha nua an 26 Feabhra 2016.  An 21 Márta 2016, bunaíodh an Coimisiún um Achomhairc Chánach agus tháinig an córas nua chun achomhairc chánach a phróiseáil i bhfeidhm.

Foráiltear go sonrach le halt 10 den Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach), 2015 go mbeidh an Coimisiún agus a chomhaltaí neamhspleách i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna.  Ina theannta sin, soláthraíonn forálacha éagsúla in Acht 2015 cumhachtaí do na Coimisinéirí chun cásanna a bhainistiú ar bhonn níos gníomhaí ná mar a rinneadh roimhe seo, rud a threisíonn oibriú neamhspleách an phróisis achomhairc.

Is comhlacht poiblí í an Oifig chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014 (an tAcht um Shaoráil Faisnéise).  Dá réir sin, féadtar trí iarraidh SF rochtain a fháil ar a thaifid, faoi réir eisceachtaí áirithe.

3. Ról agus Freagrachtaí

Is é príomhról an Choimisiúin Achomhairc Chánach (TAC) achomhairc i gcoinne shocruithe agus chinntí na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le cánacha agus dleachtanna a bhreithniú, a éisteacht agus a chinneadh.

Is iad ról agus freagrachtaí an TAC na ceanglais a bunaíodh faoin Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach), 2015 agus faoin Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach agus Rialachán Réamheolaire), 2019, a chomhlíonadh.  Cé is moite de roinnt eisceachtaí, scrúdaíonn an TAC gearáin ó dhaoine a bhraitheann gur caitheadh go héagórach leo trí mheasúnuithe a d'ardaigh na Coimisinéirí Ioncaim ar bhealach cóir, neamhchlaonta agus gasta.

4. Feidhmeanna an Choimisiúin Achomhairc Chánach

Tá feidhmeanna sonracha na gCoimisinéirí Achomhairc leagtha amach in alt 6 den Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach), 2015 agus in alt 5 den Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach agus an Rialachán Réamheolaire), 2019.

Agus a bhfeidhmeanna á gcomhlíonadh acu, tá dualgas ar na Coimisinéirí Achomhairc a chinntiú go mbíonn imeachtaí a bhíonn os a gcomhair inrochtana, cothrom agus go seoltar iad chomh gasta agus is féidir.

Tá roinnt forálacha in Acht 2015 a bhfuil sé mar aidhm acu neamhchlaontacht agus neamhspleáchas na gCoimisinéirí a bhunú agus a chosaint i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, lena n-áirítear, inter alia, alt 3 a bhunaíonn an Coimisiún mar chomhlacht corpraithe, alt 6 a bhunaíonn feidhmeanna na gCoimisinéirí Achomhairc agus alt 10 a éilíonn ar an gCoimisiún a bheith neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

5. Taifid atá i seilbh an TAC

Tagann réimse na dtaifead a choinnítear sa TAC laistigh de na catagóirí leathana seo a leanas (d'fhéadfadh méid áirithe forluí a bheith i gceist).

Taifid Riarachán Inmheánach

  • Taifid Phearsanra
  • Taifid Chuntais
  • Clár sócmhainní
  • Treoirlínte agus Ciorcláin na Státseirbhíse/na Seirbhíse Poiblí
  • Óráidí agus Faisnéisiú ó TAC/foireann an Choimisiúin m.sh. láithrithe os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí
  • Nótaí agus miontuairiscí cruinnithe bainistíochta agus cáipéisíocht ghaolmhar
  • Taifid a bhaineann le foilsiú tuarascálacha m.sh. tuarascálacha bliantúla, lena n-áirítear taifid a bhaineann le haistriúchán, córas tairiscintí, dearadh agus priontáil
  • Bainistíocht láithreán gréasáin an TAC
  • Achomhairc a bhainistiú, lena n-áirítear iad siúd inar iarradh cásanna sonraithe
  • Staitisticí maidir le hachomhairc
  • Iarratais SF ar rochtain ar thaifid atá i seilbh an Choimisiúin
  • Iarratais faoin Acht um Chosaint Sonraí ar rochtain ar thaifid atá i seilbh an Choimisiúin
  • Fiosrúcháin ghinearálta agus comhfhreagras, lena n-áirítear Oifig an Ombudsman
  • Taifid a bhaineann le seirbhísí arna soláthar ag 3ú páirtithe a sholáthraíonn tacaíocht choimhdeach don TAC
  • Tras-scríbhinní d'éisteachtaí a choimisiúnaíonn páirtithe

Polasaí

  • Comhfhreagras/Teagmháil le comhlachtaí Rialtais eile
  • Comhfhreagras/Meamram Tuisceana leis an Roinn Airgeadais
  • Taifid ar bheartas inmheánach

Reachtaíocht agus ábhar gaolmhar

  • Plé leis an Roinn Airgeadais maidir le feidhmiú an Achta

Treoracha Foirne / Treoirlínte

  • Taifid nósanna imeachta inmheánacha
  • Socruithe idirchaidrimh le hAchomharcóirí agus Freagróirí

Seirbhísí arna soláthar ag an gCoimisiún um Achomhairc Chánach

  • Taifid achomhairc, lena n-áirítear taifid ar chumarsáid le hAchomharcóirí agus Freagróirí
  • Aighneachtaí arna ndéanamh ag Achomharcóirí agus Freagróirí a bhféadfadh faisnéis phearsanta a bhaineann leis an achomharc a bheith san áireamh iontu
  • Taifid ar chomhairle dlí a lorgaítear agus a fuarthas
  • Cinntí an TAC
  • Taifid eile a bhaineann le scrúduithe/imscrúduithe, lena n-áirítear sonraí dúnta achomhairc, anailís agus trácht ag oifigigh an TAC
  • Treoir d'Achomharcóirí
  • Tuarascálacha bliantúla

6. Straitéis Chorparáideach

Is iad seo a leanas príomhthosaíochtaí straitéiseacha an Choimisiúin Achomhairc Chánach:

Tosaíocht Straitéiseach 1 – Éifeachtúlacht &Éifeachtacht inár bPróisis agus Nósanna Imeachta

Tosaíocht Straitéiseach 2 – Nuálaíocht Dhigiteach

Tosaíocht Straitéiseach 3 – Pearsanra Oilte & Spreagtha

Tosaíocht Straitéiseach 4 - Caidreamh Córasach le Páirtithe Leasmhara

Tá sonraí iomlána Ráiteas Straitéise TAC 2017-2020 ar fáil anseo.  

Tá sonraí iomlána Ráiteas Straitéise TAC 2021-2023 ar fáil anseo.  


7. Faisnéis Chorparáideach

Tuarascáil Bhliantúil

Cuireann an Coimisiún um Achomhairc Chánach tuarascáil faoi bhráid an Oireachtais gach bliain maidir lena ghníomhaíochtaí i rith na bliana roimhe sin. Tá Tuarascálacha Bliantúla an TAC ar fáil ar ár láithreán gréasáin ag Tuarascáil Bhliantúil.

8. Struchtúr Eagrúcháin


Cathaoirleach:                                         Marie-Claire Maney:

                                      

Coimisinéir Achomhairc:                   Claire Millrine

                                                                           Simon Noone

                                                                           Leonora B. Doyle

                                                                           Clare O'Driscoll

                                                                           Conor Ó hUiginn

                                                                           Jo Kenny

                                                                           

                                                                                                    

Riarachán

Príomhoifigeach Oibríochtaí:                                                                                            1 Príomhoifigeach
Bainisteoir Seirbhísí Corparáideacha/ Airgeadais/Sceidealaithe:              1 Phríomhoifigeach Cúnta:

Bainisteoir Tacaíochta Achomhairc                                                                               1 Príomhoifigeach Cúnta
Bainisteoir TFC:                                                                                                                         1 Príomhoifigeach Cúnta
Tacaíocht TF/Slándáil Sonraí:                                                                                             1 Ardoifigeach Feidhmiúcháin
Seirbhísí Corparáideacha/ Acmhainní Daonna:                                                      1 Ardoifigeach Feidhmiúcháin
Tacaíochta Riaracháin Achomharc:                                                                                 2 Ardoifigeach Feidhmiúcháin

                                                                                                                                                              4 Oifigeach Feidhmiúcháin

                                                                                                                                                              4 Oifigeach Cléireachais

Tacaíocht Riaracháin Sceidealú:                                                                                       1 Ardoifigeach Feidhmiúcháin

                                                                                                                                                             2 Oifigeach Cléireachais
           

Tacaíocht Riaracháin AD/Airgeadas:                                                                            1 Oifigeach Cléireachais

Tacaíocht Riaracháin TF:                                                                                                     1 Oifigeach Cléireachais

8. Grádú Pá

Is ionann tuarastal Coimisinéir Achomhairc agus Rúnaí Cúnta sa Státseirbhís. Is féidir scálaí tuarastail státseirbhíseach a fháil ag: www.publicjobs.ie.

9. Suíomh an Choimisiúin Achomhairc Chánach

Tá an Oifig lonnaithe i gCúirt Mhic Liam, Clós Líosain, Baile Átha Cliath 2, D02 YW24.

Uaireanta oscailte: idir 9.00 agus 5.30 Luan go Déardaoin agus idir 9:00 agus 5:00 Dé hAoine.

Sonraí teagmhála

Post: An Coimisiún um Achomhairc Chánach

Cúirt Mhic Liam,

Clós Líosain,

Baile Átha Cliath 2,

D02 YW24. 

Teileafón:  + 353-1-662 4530

Ríomhphost:  info@taxappeals.ie

Ríomhphost:  scheduling@taxappeals.ie le haghaidh ceisteanna maidir le sceidealú achomhairc le haghaidh éisteachtaí

10. Comhaontú Seirbhíse leis na Coimisinéirí Ioncaim

Tá comhaontú seirbhíse i bhfeidhm faoi láthair idir an TAC agus na Coimisinéirí Ioncaim, a bhunaíonn freagrachtaí an dá pháirtí le haghaidh gach nós imeachta riaracháin agus cuntasaíochta. Cuireadh an chéad cheann de na comhaontuithe sin i bhfeidhm i mí Feabhra 2005, rinneadh an comhaontú sínithe is déanaí in 2020. Is féidir cóip den chomhaontú a fháil anseo.

11. Láithreán Gréasáin

Tá eolas breise faoin TAC ar ár láithreán gréasáin (www.taxappeals.ie). Ina measc sin tá:

Socruithe a Eisíodh
Fógra Achomhairc, Fógra maidir le hAchomhairc Dhéanacha, agus Foirmeacha Ráitis Cháis
Rialacha agus Nósanna
Faisnéis arna fhoilsiú ag an TAC maidir leis na seirbhísí a chuirimid ar fáil 

Nótaí Treorach d'Achomharcóirí maidir le:
Achomharc a dhéanamh
Sonrú Cáis
Breac-chuntas ar Argóintí
Argóintí Dlí, Dualgas Cruthúnais agus Fianaise a Leagan amach
Éisteachtaí
Éisteacht Achomhairc a Stiúradh
Cinntí
Achomharc a dhéanamh ar Chinneadh
Gníomhartha arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Achomhairc