Faisnéis maidir le Nósanna Imeachta Cinnteoireachta

Foilsithe: 28 Feabhra 2020

Ó: An Coimisiún um Achomhairc Chánach

An dóigh a ndéanaimid cinntí

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é An Coimisiún um Achomhairc Chánach, a bhfuil sé de chúram air próiseas achomhairc nua-aimseartha agus éifeachtach a sholáthar maidir le díospóidí cánach a éisteacht agus a bhreithniú agus, mar sin, ní cheapann sé beartas poiblí.

Meastar go bhfuil cinneadh a dhéanann an Coimisinéir Achomhairc críochnaitheach agus dochloíte, ach amháin sa chás go ndéanann an tAchomharcóir nó na Coimisinéirí Ioncaim achomharc chun na hArd-Chúirte ar chinneadh dlí, ar phointe dlí amháin.

Níl cumhachtaí neamhtheoranta ag an gCoimisiún um Achomhairc Chánach. Ní féidir leis aon rud a dhéanamh gan a bheith údaraithe de réir an dlí sin a dhéanamh.

In amanna, má ghlacann sé leis go bhfuil d’achomharc bailí, féadfaidh sé a chinneadh gur cheart an measúnú cánach a cheapann sé ar chóir a bheith socraithe duit a chur in ionad an mheasúnaithe cánach atá á achomharc agat. In achomhairc eile, féadfaidh sé a ordú do na Coimisinéirí Ioncaim a measúnú a choigeartú. D’fhéadfadh ardú chomh maith le hísliú a bheith mar thoradh ar an gcoigeartú seo.

Mura nglacann An Coimisiún um Achomhairc Chánach leis go bhfuil d’achomharc bailí, seasfaidh sé leis an gcinneadh atá á achomharc agat.

Dualgas cruthúnais

De ghnáth is ar an Achomharcóir a bhíonn an dualgas cruthúnais a thaispeáint chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc go bhfuil an measúnú a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim nó an litir chinnidh dheiridh a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim mícheart.

An mbíonn éisteacht ann mar thoradh ar gach achomharc?

Ní bhíonn. In amanna is féidir cinntí a dhéanamh ar achomhairc gan aon ghá le héisteacht a bheith ann, mar shampla:

  • Féadfaidh Achomharcóir a achomharc a tharraingt siar ag am ar bith agus treoir a thabhairt don TAC é a dhúnadh dá réir sin.

  • Féadfaidh Achomharcóir socrú a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ag am ar bith agus treoir a thabhairt don TAC é a dhúnadh dá réir sin.

  • Agus an t-achomharc ag dul ar aghaidh, tugtar an rogha don dá pháirtí aontú leis an gCoimisinéir Achomhairc breithniú a dhéanamh ar an ábhar gan éisteacht. Ní tharlóidh sé seo ach má thoilíonn an dá pháirtí agus má aontaíonn an Coimisinéir Achomhairc gur féidir breithniú cóir a dhéanamh. Má chuireann páirtí ar bith ina choinne seo, rachaidh an t-achomharc ar aghaidh chuig éisteacht (a.949U).

  • Féadfaidh Coimisinéir Achomhairc, ag féachaint do chinneadh roimhe seo a d’ardaigh ceisteanna coitianta nó gaolmhara, achomharc a bhreithniú gan éisteacht, má mheasann sé é sin a bheith cuí. Eiseofar réamhfhógra intinne agus beidh 21 lá ag na páirtithe freagra a thabhairt. Mura bhfaightear freagra laistigh de 21 lá nó mura bhfuil an Coimisinéir Achomhairc cinnte faoi na hargóintí, féadfaidh an Coimisinéir breithniú a dhéanamh gan éisteacht a bheith ann (a.949AN).

D’achomharc a bhreithniú gan éisteacht

Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh a dhéanamh d’achomharc a bhreithniú (i.e. breithiúnas a thabhairt air) gan éisteacht a bheith ann. Nuair  a chuireann tú do Shonrú Cáis isteach, iarrfar ort a chur in iúl an bhfuil tú sásta breithniú ar d’achomharc a bheith ann gan éisteacht.

 Má chinneann na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a bhreithniú gan   éisteacht, cuirfidh siad in iúl i scríbhinn duit féin agus d’aon pháirtithe eile san  achomharc go bhfuil sé ar intinn acu an t-achomharc a bhreithniú gan éisteacht.

Má chinneann tú gurbh fhearr leat go n-éistfí le d’achomharc ag éisteacht achomhairc, is féidir leat an rogha seo a dhéanamh fós.

Nuair a bhreithneoidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc gan éisteacht, déanfaidh siad a gcinneadh bunaithe ar an bhfaisnéis a fuair siad uait agus ó aon pháirtí eile san achomharc. Áirítear leis seo faisnéis a sholáthraíonn tú san Fhógra Achomhairc, i Sonrú Cáis agus, má bhaineann siad le hábhar, imlínte na n-argóintí dlí atá á gcur ar aghaidh ar an ábhar atá faoi dhíospóid san achomharc.

Treoracha ón gCoimisiún um Achomhairc Chánach

Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún um Achomhairc Chánach próiseas éifeachtach achomhairc cánach a reáchtáil atá chomh hinrochtana agus chomh cothrom agus is féidir. Mar chuid de reáchtáil éifeachtach an phróisis achomhairc, tá raon leathan cumhachtaí ag na Coimisinéirí Achomhairc a chuireann ar a gcumas treoracha ceangailteacha, ar a dtugtar Treoracha, a eisiúint chuig na páirtithe san achomharc. Is treoracha ceangailteacha iad seo agus caithfear cloí leo le go leanfaidh d’achomharc ar aghaidh.

Agus an próiseas achomhairc ag dul ar aghaidh, féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc treoir a thabhairt duit roinnt rudaí a dhéanamh. Áirítear na samplaí seo a leanas leis an gcineál treoracha a d’fheadfadh na Coimisinéirí Achomhairc a thabhairt:

  • Bac nó moill a chur ar imeachtaí an achomhairc ar feadh tréimhse shocraithe

  • Iarraidh ar na páirtithe freastal ar chomhdháil bainistithe cás.

  • Iarraidh ar na páirtithe ráiteas maidir le fíricí comhaontaithe (fianaise) a chur isteach.

  • Iarraidh ar na páirtithe leabhar doiciméad a chuimsíonn an fhianaise scríofa a chuirfear i láthair ag an éisteacht a chur isteach

  • Iarraidh ar na páirtithe leabhar údaráis a chuimsíonn reachtaíocht, cásdlí agus ábhair eile a mbeifear ag brath orthu le linn na héisteachta.

  • Ráiteas fianaise a iarraidh a bheartaíonn aon fhinné a mbeifear ag gairm air ag an éisteacht achomhairc a thabhairt.

  • Nuair is dócha go mbeidh na páirtithe ag brath ar fhianaise shaineolach de chineál teicneolaíochta nó eolaíoch, treoir a thabhairt go mbuailfidh na saineolaithe le chéile roimh an éisteacht agus ráiteas comhaontaithe a ullmhú ina sonraítear na réimsí sin ina n-aontaíonn na saineolaithe agus na réimsí sin ina bhfuil tuairimí difriúla ag na saineolaithe.

  • Treoracha a thabhairt do pháirtithe eile páirt a ghlacadh san achomharc.

Cuirfear treoir ó na Coimisinéirí Achomhairc i scríbhinn do gach páirtí san achomharc (cibé acu trí ríomhphost nó tríd an bpost). De ghnáth cuirfear Treoir mar theideal ar an gcomhfhreagras agus déanfaidh sé cur síos ar an treoir atá sa chomhfhreagras. Mar shampla, cuirfear an teideal Treoir ar aon litir ag iarraidh ort freastal ar Chomhdháil Bainistithe Cás.

Leagfar amach sa Treoir an spriocdháta atá leagtha síos ag an gCoimisiún um Achomhairc Chánach duit chun an treoir a chomhlíonadh. Mura gcomhlíontar Treoir d’fhéadfadh sé go ndéanfaí d’achomharc a dhiúltú. Má dhéantar an t-achomharc a dhiúltú, seasfaidh an measúnú nó an cinneadh a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim.

Diúltú Achomhairc

Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc d’achomharc a dhiúltú má theipeann ort treoir na gCoimisinéirí Achomhairc a chomhlíonadh, e.g. faisnéis a sholáthar a measann siad a bheith ábhartha maidir le breithniú an ábhair atá faoi achomharc. Eiseoidh an Coimisiún um Achomhairc Chánach fógra go bhfuil sé ar intinn aige d’achomharc a dhiúltú agus tabharfar deis duit míniú a thabhairt ar an bhfáth a gcreideann tú nár cheart an t-achomharc a dhiúltú. Ansin breithneoidh an Coimisinéir Achomhairc air seo agus déanfaidh sé cinneadh a bheidh críochnaitheach agus dochloíte.

De rogha air sin, féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh a dhéanamh ar na hábhair atá faoi dhíospóid i d’achomharc bunaithe ar an bhfaisnéis a fuair siad agus de réir a mbreithiúnais is fearr.

Cineálacha cinntí

  • Cinneadh ó bhéal - Féadfaidh Coimisinéir Achomhairc cinneadh a dhéanamh, tar éis éisteacht an achomhairc, cinneadh ó bhéal a thabhairt ag deireadh na héisteachta achomhairc. Tabharfar an cinneadh seo i scríbhinn ina dhiaidh sin agus seolfar chuig an dá pháirtí san achomharc é.
  • Cinneadh i scríbhinn - Nuair nach ndéantar cinneadh ó bhéal ag deireadh na héisteachta, beidh ort fanacht go dtí go n-eiseoidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh i scríbhinn a luaithe agus a bheidh na fíricí agus an fhianaise go léir curtha san áireamh acu.

Eiseoidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh maidir le d’achomharc a luaithe agus is féidir go praiticiúil. Nuair a bheidh cinneadh déanta ag na Coimisinéirí Achomhairc maidir le d’achomharc, seolfar an cinneadh i scríbhinn chugat féin agus chuig an bpáirtí eile san achomharc e.g. na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh de 21 lá ón uair a dhéanfar an cinneadh.

Foilsiú cinntí

Foilseoidh an Coimisiún um Achomhairc Chánach do chinneadh ar a shuíomh Gréasáin, www.taxappeals.ie laistigh de 90 lá ón dá pháirtí san achomharc a chur ar an eolas faoin gcinneadh. Sula ndéanaimid é seo, bainfimid d’ainm agus sonraí pearsanta eile a bhaineann le d’achomharc chun d’aitheantas a chosaint.

Achomharc a dhéanamh ar Chinneadh

Mura n-aontaíonn tú leis an gcinneadh a d’eisigh na Coimisinéirí Achomhairc, is féidir go mbeifeá i dteideal an cinneadh a achomharc chun na hArd-Chúirte. Mar sin féin, ní féidir é seo a dhéanamh ach amháin ar phointe dlí. Is dócha go mbeidh scóip theoranta ann don Ard-Chúirt cinneadh fíorais na gCoimisinéirí Achomhairc a chur ar ceal nó a chur ar leataobh.