Reachtaíocht an Choimisiúin

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an Coimisiún um Achomhairc Chánach (TAC) a bhfuil sé de chúram air próiseas achomhairc nua-aimseartha éifeachtúla a sholáthar i ndáil le héisteacht agus le breithniú díospóidí cánach, de réir fhorálacha na reachtaíochta ábhartha.

Is an tAcht Airgeadais (Achomhairc Chánach), 2015, an tAcht Airgeadais (Achomhairc Chánach agus Rialachán Réamheolaire), 2019, an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997, arna leasú, agus reachtaíocht ghaolmhar, an reachtaíocht atá i gceist.

Shínigh an tUachtarán an tAcht Airgeadais (Achomhairc Chánach), 2015 ("Acht 2015") ina dhlí an 25 Nollaig 2015. Shínigh an tAire Airgeadais na horduithe tosaithe ábhartha chun éifeacht a thabhairt do na forálacha reachtacha nua an 26 Feabhra 2016. Ar an 21 Márta 2016, bunaíodh an TAC agus tháinig an córas nua chun achomhairc chánach a phróiseáil i bhfeidhm.

Déantar foráil go sonrach le halt 10 d'Acht 2015 go mbeidh an Coimisiún agus a chomhaltaí neamhspleách i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna.  Ina theannta sin, soláthraíonn forálacha éagsúla in Acht 2015 cumhachtaí do na Coimisinéirí chun cásanna a bhainistiú ar bhonn níos gníomhaí ná mar a rinneadh roimhe seo, rud a threisíonn oibriú neamhspleách an phróisis achomhairc.

Gníomhachtaíodh forálacha an Achta Airgeadais (Achomhairc Chánach agus Rialachán Réamheolaire), 2019, lena leasaítear Acht 2015 ionas gur féidir Cathaoirleach a earcú don TAC agus leasuithe teicniúla eile a dhéanamh, le hordú ón Aire dar dáta an 18 Nollaig 2019.  Déanfar na hailt eile a ghníomhachtú le hordú ón Aire tar éis Cathaoirleach a cheapadh.