Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 

Réamhrá

Tugann Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an

 gComhshaol) 2007 go 2011 (IR Uimh. 133 de 2007 agus IR Uimh. 662

de 2011) (dá ngairtear na Rialacháin AIE anseo feasta) cearta dlíthiúla dóibh

 siúd atá ag iarraidh rochtain a fháil ar fhaisnéis ar an gcomhshaol ó údaráis

phoiblí.

Faoi na rialacháin seo, caithfear faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá i seilbh údaráis phoiblí, nó ina leith, a chur ar fáil ar iarratas, faoi réir eisceachtaí áirithe. Cuireann rialacháin AIE iallach ar údaráis phoiblí a bheith réamhghníomhach maidir le faisnéis chomhshaoil a scaipeadh ar an bpobal.

Soláthraíonn na Rialacháin AIE sainmhíniú ar fhaisnéis chomhshaoil; tugann siad  breac-chuntas ar an dóigh ar féidir iarratais ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí agus ar an mbealach a gceanglaítear ar údaráis phoiblí déileáil le hiarratais e.g. frámaí ama le haghaidh freagartha. Foráiltear leis na rialacháin freisin do nós imeachta foirmiúla achomhairc i gcás go bhfuil duine míshásta le cinneadh ar a iarraidh.

Sainmhíniú ar Fhaisnéis ar an gComhshaol

Sainmhíníonn na Rialacha AIE faisnéis ar an gcomhshaol mar seo a leanas:

“aon fhaisnéis i bhfoirm scríbhinn, amhairc, labhartha, leictreonach nó i bhfoirm ar bith eile ar —

staid eilimintí an chomhshaoil, mar aer agus atmaisféar, uisce, cré, talamh, tírdhreach agus láithreáin nádúrtha lena n-áirítear bogaigh, ceantair chósta agus mhara, éagsúlacht bhitheolaíoch agus a chomhpháirteanna, lena n-áirítear orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus an idirghníomhaíocht i measc na n-eilimintí seo,
fachtóirí amhail substaintí, fuinneamh, callán, radaíocht nó dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl radaighníomhach, astaíochtaí, sceitheadh agus eile isteach sa chomhshaol, a théann i bhfeidhm nó a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar eilimintí an chomhshaoil,
bearta (lena n-áirítear bearta riaracháin) amhail beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil, agus gníomhaíochtaí a théann i bhfeidhm ar na heilimintí, nó ar dócha dóibh dul i bhfeidhm orthu, agus na fachtóirí dá dtagraítear i míreanna (1) agus (2) chomh maith le bearta nó gníomhaíochtaí atá deartha chun na heilimintí sin a chosaint,
tuarascálacha ar chur i bhfeidhm reachtaíocht chomhshaoil,
anailísí costais is tairbhe agus anailísí eacnamaíocha eile a úsáidtear laistigh de chreat na mbeart agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (3), agus
sláinte agus sábháilteacht an duine, lena n-áirítear truailliú an bhiashlabhra, nuair is ábhartha, dálaí maireachtála an duine, láithreáin chultúrtha agus struchtúir thógtha a oiread agus a mbíonn tionchar, nó a oiread agus a d’fhéadfadh tionchar a bheith orthu ag staid eilimintí an chomhshaoil dá dtagraítear i mír (1) nó, trí na heilimintí sin, ag aon cheann de na hábhair dá dtagraítear i míreanna (2) agus (3).”

Conas AIE a chur isteach

Ba chóir iarratais ar Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol a chur chuig:

Oifigeach AIE

Seoladh: An tAonad um Shaoráil Fianaise, An Coimisiúin um Achomhairc Chánach

Cúirt Mhic Liam , Clós Líosain, Baile Áth Cliath 2, D02 YW24 Email: foi@taxappeals.ie,

Agus iarratas ar fhaisnéis á dhéanamh agat faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol, ceanglaítear ort:

cuir in iúl go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh agat faoi na Rialacháin AIE agus cuir isteach é i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach (foi@taxappeals.ie)
cuir do shonraí teagmhála in iúl
cuir in iúl, i dtéarmaí atá chomh sonrach agus is féidir, an fhaisnéis ar an gchomhshaol atá ag teastáil, agus luaigh go sonrach an fhoirm agus an modh rochtana atá ag teastáil

De ghnáth, cuirfear an cinneadh maidir le d’iarratas in iúl laistigh de mhí amháin tar éis é a fháil.

Táillí

Níl aon táille tosaigh as iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin AIE. Mar sin féin, féadfaidh údarás poiblí táille réasúnta a ghearradh as an bhfaisnéis a iarrtar a sholáthar. Is féidir go n-áireofaí leis seo na costais a bhaineann  le faisnéis a chur le chéile, a chóipeáil, a phriontáil nó a phostáil.

Má theastaíonn cóipeanna crua ón iarratasóir, féadfaidh sé go mbeidh táille €0.04 an leathanaigh ag brath ar mhéid na faisnéise atá san iarratas.

táille €10.16 le faisnéis a sholáthar ar CD-ROM. Níl bhaineann aon táille as athbhreithniú inmheánach a iarraidh.

Cosnaíonn sé €150.00 chun achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir  um Faisnéis ar an gComhshaol, nó €50.00 má tá cárta liachta agat nó más cleithiúnaí dhuine a bhfuil cárta liachta aige tú, nó tríú páirtí atá ag déanamh achomharc in éadan an chinnidh faisnéis ar leith a eisiúint. 

Riachtanais maidir le déileáil le hiarratais

De ghnáth, éilítear ar údarás poiblí freagairt a thabhairt ar iarratas AIE laistigh de mhí amháin tar éis an iarratais a fháil. Nuair nach féidir le húdarás poiblí, mar gheall ar chastacht nó ar mhéid na faisnéise a theastaíonn, freagairt laistigh de chreat ama míosa, éilítear orthu scríobh chuig an iarratasóir laistigh den mhí, ag cur in iúl cá huair a eiseofar freagairt. Níor chóir go mbeadh an dáta seo níos mó ná dhá mhí ó fuarthas an t-iarratas bunaidh.

Mura bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag an údarás poiblí, féadfaidh sé an t-iarratas a aistriú chuig údarás poiblí eile, nó comhairle a chur ar an iarratasóir faoin áit a gcreideann sé gur chóir an t-iarratas a threorú. I gceachtar den dá chás, éilítear an t-iarratasóir a chur ar an eolas.

Cúiseanna le faisnéis a dhiúltú

Tá roinnt cúiseanna ann inar féidir le húdarás poiblí faisnéis a dhiúltú; áirítear orthu sin nuair atá comhlacht ag feidhmiú i gcáil reachtach nó breithiúnach (Aireagal 3(2)) agus nuair atá cúiseanna éigeantacha (Airteagal 8) agus nuair atá cúiseanna lánroghnacha ann faisnéis a dhiúltú. Agus cinneadh a dhéanamh maidir le faisnéis a chur amach, éilítear ar údarás poiblí na forálacha in Airteagal 10 a mheas.

Achomharc a dhéanamh ar chinneadh

Ní mór athbhreithniú inmheánach a iarraidh laistigh de mhí amháin tar éis an chinnidh bhunaidh a fháil (féadfaidh an t-údarás poiblí an sprioc ama seo a shíneadh ach níl sé riachtanach sin a dhéanamh). Níl aon táille i gceist le hathbhreithniú inmheánacha iarraidh. Faoi Airteagal 11 de na  Rialacháin AIE, tá an ceart agat athbhreithniú   inmheánach ar an gcinneadh bunaidh a  lorg.  Féadfaidh  tú athbhreithniú a iarraidh freisin mura bhfuair tú freagairt laistigh den chreat ama chuí.

Is éard atá i gceist le hathbhreithniú inmheánach ná athmhachnamh iomlán ar an ábhar ag ball d’fhoireann an údaráis phoiblí a fhéadfaidh an cinneadh bunaidh a rinneadh a dheimhniú, a athrú nó a chur ar neamhní.

Laistigh de mhí amháin ó fuarthas an t-iarratas ar an athbhreithniú, eiseofar toradh an athbhreithnithe i scríbhinn chugat ag cur na nithe seo a leanas in iúl duit: an cinneadh agus an chúis leis an gcinneadh sin; comhairle maidir le do cheart achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis ar an gComhshaol, lena n-áirítear na spriocanna ama agus na táillí a bhaineann le hachomharc den sórt sin.

Mura bhfuil tú sásta le toradh an athbhreithnithe inmheánaigh, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir um Fhaisnéis ar an gComhshaol. Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de mhí amháin tar éis cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh ón údarás poiblí a fháil. Mar sin féin, féadfaidh an Coimisinéir an sprioc ama seo a shíniú i gcásanna aonair.

Tuilleadh Faisnéise

Tá tuilleadh faisnéise ginearálta ar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol), lena n-áirítear faisnéis chúlra ar an reachtaíocht, foilseacháin úsáideacha agus naisc le comhlachtaí ábhartha eile, ar fáil anois ag www.environ.ie