Feidhmeanna agus Seirbhísí arna Soláthar don Phobal

An tseirbhís a sholáthraímid

Is éard atá sa Choimisiún um Achomhairc Chánach ná cuideachta neamhspleách reachtúil a bhfuil sé de chúram uirthi próiseas achomhairc comhaimseartha agus éifeachtach a sholáthar chun achomhairc i gcoinne measúnuithe agus cinntí na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le cánacha agus dleachtanna a bhreithniú, a éisteacht agus a chinneadh.

Is iad ról agus freagrachtaí an TAC na ceanglais a bunaíodh faoin Acht Airgeadais (Achomhairc Chánach) 2015. Seachas roinnt eisceachtaí, scrúdaíonn an TAC gearáin ó dhaoine a cheapann nár caitheadh go cothrom agus ar bhealach neamhchlaonta agus gasta leo le measúnuithe a d’ardaigh na Coimisinéirí Ioncaim.

Tá sé mar aidhm againn seirbhís eiseamláireach a sholáthar i bpróiseáil agus i mbreithniú achomharc cánach. Ní mór achomhairc chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach a dhéanamh i scríbhinn, ar líne, trí r-phost nó tríd an bpost. Tugtar Fógra um Achomharc ar an achomharc i scríbhinn a dhéanann tú.

An ceart chun achomharc a dhéanamh

Ní féidir leat achomharc a dhéanamh ach amháin nuair a thugann an dlí ceart achomhairc duit.

Pléann an Coimisiún um Achomhairc Chánach le measúnuithe cánach atá faoi dhíospóid leis na Coimisinéirí Ioncaim agus le litreacha cinnidh deiridh arna n-eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim. Nuair a bheidh ceart achomhairc agat, cuirfidh an fógra oifigiúil faoi mheasúnú cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim nó litir chinnidh dheiridh ó na Coimisinéirí Ioncaim é seo in iúl go soiléir.

Céard is féidir achomharc a dhéanamh ina choinne chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach

Is féidir leat achomharc a dhéanamh i gcoinne fhormhór na measúnuithe Ioncaim ar an méid cánach nó dleachta atá le híoc.

Is féidir leat freisin achomharc a dhéanamh i gcoinne fhormhór na gcineálacha cinntí Ioncaim nach n-aontaíonn tú leo. Ní féidir leat é sin a dhéanamh, áfach, ach amháin nuair a gheobhaidh tú fógra measúnaithe deiridh nó litir ag cur an chinnidh dheiridh in iúl duit ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Ba cheart duit do mhachnamh a dhéanamh ar do chuid roghanna sula ndéanann tú achomharc, lena n-áirítear a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú a dhéanamh ar an measúnú. Is féidir go leor easaontais a réiteach trí phlé nó trí chomhfhreagras leis na Coimisinéirí Ioncaim gan é a bheith ort tú dul chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach i ndáiríre.

Seo a leanas roinnt samplaí de na cineálacha fógraí deiridh Ioncaim ar féidir iad a achomharc:

  • Diúltú faoisimh amhail asbhaint costas ó bhrabúis trádála
  • diúltú éilimh ar cháin a aisíoc
  • diúltú creidmheasa cánach nó liúntais
  • luacháil sócmhainne chun críocha Cánach Gnóthachan Caipitiúil (CGC)
  • an cinneadh go bhfuil duine ina c(h)ónaí agus go n-íocann sé cáin in Éirinn
  • an cinneadh faoi cé acu an bhfuil duine féinfhostaithe nó ina f(h)ostaí chun críche cúrsaí cánach
  • cinneadh maidir leis an ráta Cáin Bhreisluacha (CBL) ar gá a íoc
  • luacháil carranna iompórtáilte chun críocha Cáin Cláraithe Feithiclí (CCF)

Go ginearálta, níl ach an duine lena mbaineann an measúnú nó an cinneadh áirithe go díreach i dteideal achomhairc.

Céard nach féidir achomharc a dhéanamh ina aghaidh leis An gCoimisiún um Achomhairc Chánach

Tá nithe áirithe ann nach féidir leat achomharc a dhéanamh leis an gCoimisiún Achomhairc Chánach fúthu.

Déan athbhreithniú orthu seo go cúramach roimh Fhógra Achomhairc a chur isteach chuig An gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Sula ndéanann tú achomharc, ba chóir duit fios a bheith agat nach féidir leis an TAC:

Cinneadh a dhéanamh faoi cheisteanna nach mbaineann le cáin.
An dlí a athrú.
Déileáil le gearáin riaracháin faoi iompar oifigigh Ioncaim. Má tá tú míshásta leis an dóigh ar dhéileáil na Coimisinéirí Ioncaim le do ghnóthaí cánach, féach ar a dtreoir agus ar an dóigh le gearán a dhéanamh ag www.revenue.ie/en/corporate/information-about- revenue/customerservice/how-to-complain/index.aspx.

Malartú tuairime a réiteach idir thú féin agus na Coimisinéirí Ioncaim i gcás nár shroich tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim an chéim inar eisíodh fógra measúnaithe nó ina ndearnadh cinneadh foirmiúil.

  • Cinneadh nó athrú a dhéanamh maidir leis an méid úis atá iníoctha i gcás íocaíocht dhéanach cánach. Is é an reachtaíocht a chuireann méid an úis a thagann chun cinn i bhfeidhm de bharr cáin a íoc go déanach. Níl cead ag An gCoimisiún um Achomhairc Chánach táillí úis a choigeartú.

  • I gcúinsí teoranta, d’fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal achomharc a dhéanamh i gcoinne chinneadh Ioncaim i ndáil le pionóis chánach a ghearradh. Ní dhéileálfaidh sé le pionóis a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm astu féin.

  • Cáin ró-íoctha thar tréimhse atá as am. Mar shampla, i gcás cáin a  bhailigh d’fhostóir tríd an scéim ÍMAT, is é 4 bliana an teorainn ama chun achomharc a dhéanamh i gcoinne cánach a ró-íocadh nó tar éis bhliain chánach an dliteanais chánach faoi dhíospóid. Baineann an teorainn 4 bliana fiú má mheasann tú go raibh an locht ar na Coimisinéirí Ioncaim as mainneachtain creidmheas cánach nó faoiseamh a mbeifeá i dteideal air a thabhairt duit dá mbeadh achomharc déanta agat laistigh den tréimhse 4 bliana.

  • Do dhliteanas cánach nó dleachta féinmheasúnaithe, nó méid nó ábhar comhaontaithe a chuir tú san áireamh i dtuairisceán nó i ráiteas eile a chuir tú faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim.

  • Measúnú ar cháin i gcás nár chuir tú tuairisceán ioncaim isteach agus nár íoc tú an dliteanas cánach féinmheasúnaithe a dearbhaíodh sa tuairisceán.

  • Cinntí na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le Cáin Cláraithe Feithicle (CCF) nó Dleacht Chustaim, gan a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncaim an t-ábhar a athbhreithniú ar dtús. Ní féidir achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Achomhairc Chánach ach amháin mura n-aontaíonn tú le cinneadh críochnaitheach na gCoimisinéirí Ioncaim.

Caithfear roinnt achomhairc a bhaineann le díospóid faoi luach margaidh talún nó maoine a dhéanamh le comhlacht ar a dtugtar an Coiste Tagartha Luachanna Talún agus ní chuig an gCoimisiún Achomhairc Chánach. Baineann sé seo le luachálacha a úsáidtear chun dliteanas duine i leith Dleachta Stampa, Cáin Fháltas Caipitiúil (CFC) agus an Tobhach Sainchónaithe a dheimhniú.

Cumhachtaí An Choimisiúin um Achomhairc Chánach

Níl cumhachtaí neamhtheoranta ag an gCoimisiún um Achomhairc Chánach. Ní féidir leis aon rud a dhéanamh gan a bheith údaraithe de réir an dlí sin a dhéanamh.

In amanna, má ghlacann sé leis go bhfuil d’achomharc bailí, féadfaidh sé a chinneadh gur cheart an measúnú cánach a cheapann sé gur chóir a bheith socraithe duit a chur in ionad an mheasúnaithe cánach atá á achomharc agat. In achomhairc eile, féadfaidh sé a ordú do na Coimisinéirí Ioncaim a measúnú a choigeartú. D’fhéadfadh ardú chomh maith le hísliú a bheith mar thoradh ar an gcoigeartú seo.

Mura nglacfaidh an Coimisiún um Achomhairc Chánach leis go bhfuil d’achomharc bailí, seasfaidh siad leis an gcinneadh atá á achomharc agat.

Dualgas cruthúnais

De ghnáth is ar an Achomharcóir a bhíonn an dualgas cruthúnais a thaispeáint chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc go bhfuil an measúnú a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim nó an litir chinnidh dheiridh a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim mícheart.

An mbíonn éisteacht ann mar thoradh ar gach achomharc?

Ní bhíonn. In amanna is féidir cinntí a dhéanamh ar achomhairc gan aon ghá le héisteacht a bheith ann, mar shampla:

  • Féadfaidh Achomharcóir a achomharc a tharraingt siar ag am ar bith agus treoir a thabhairt don TAC é a dhúnadh dá réir sin.
  • Féadfaidh Achomharcóir socrú a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ag am ar bith agus treoir a thabhairt don TAC é a dhúnadh dá réir sin.
  • Agus an t-achomharc ag dul ar aghaidh, tugtar an rogha don dá pháirtí aontú leis an gCoimisinéir Achomhairc breithniú a dhéanamh ar an ábhar gan éisteacht. Ní tharlóidh sé seo ach má thoilíonn an dá pháirtí agus má aontaíonn an Coimisinéir Achomhairc gur féidir breithniú cóir a dhéanamh. Má chuireann páirtí ar bith ina choinne seo, rachaidh an t-achomharc ar aghaidh chuig éisteacht (a.949U).
  • Féadfaidh Coimisinéir Achomhairc, ag féachaint do chinneadh roimhe seo a d’ardaigh ceisteanna coitianta nó gaolmhara, achomharc a bhreithniú gan éisteacht, má mheasann sé é sin a bheith cuí. Eiseofar réamhfhógra intinne agus beidh 21 lá ag na páirtithe freagra a thabhairt. Mura bhfaighfear freagra laistigh de 21 lá nó mura bhfuil an Coimisinéir Achomhairc cinnte faoi na hargóintí, féadfaidh an Coimisinéir breithniú a dhéanamh gan éisteacht a bheith ann (a.949AN).

D’achomharc a bhreithniú gan éisteacht

Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh a dhéanamh d’achomharc a bhreithniú (i.e. breithiúnas a thabhairt air) gan éisteacht a bheith ann. Nuair  a chuireann tú do Shonrú Cáis isteach, iarrfar ort a chur in iúl an bhfuil tú sásta breithniú ar d’achomharc a bheith ann gan éisteacht.

 Má chinneann na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a bhreithniú gan   éisteacht, cuirfidh siad in iúl i scríbhinn duit féin agus d’aon pháirtithe eile san achomharc go bhfuil sé ar intinn acu an t-achomharc a bhreithniú gan éisteacht.

Má chinneann tú gurbh fhearr leat go n-éistfí le d’achomharc ag éisteacht achomhairc, is féidir leat an rogha seo a dhéanamh fós.

Nuair a bhreithneoidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc gan éisteacht, déanfaidh siad a gcinneadh bunaithe ar an bhfaisnéis a fuair siad uait agus ó aon pháirtí eile san achomharc. Áirítear leis seo faisnéis a sholáthraíonn tú san Fhógra Achomhairc, i Sonrú Cáis agus, má bhaineann siad le hábhar, imlínte na n-argóintí dlí atá á gcur ar aghaidh ar an ábhar atá faoi dhíospóid san achomharc.

Treoracha ón gCoimisiún um Achomhairc Chánach

Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún um Achomhairc Chánach próiseas éifeachtach achomhairc cánach a reáchtáil atá chomh hinrochtana agus chomh cothrom agus is féidir. Mar chuid de reáchtáil éifeachtach an phróisis achomhairc, tá raon leathan cumhachtaí ag na Coimisinéirí Achomhairc a chuireann ar a gcumas treoracha ceangailteacha, ar a dtugtar Treoracha, a eisiúint chuig na páirtithe san achomharc. Is treoracha ceangailteacha iad seo agus caithfear cloí leo le go leanfaidh d’achomharc ar aghaidh.

  • Bac nó moill a chur ar imeachtaí an achomhairc ar feadh tréimhse socraithe

  • Iarraidh ar na páirtithe freastal ar chomhdháil bainistithe cás.

  • Iarraidh ar na páirtithe ráiteas maidir le fíricí comhaontaithe (fianaise) a chur isteach.

  • Iarraidh ar na páirtithe leabhar doiciméad a chuimsíonn an fhianaise scríofa a chuirfear i láthair ag an éisteacht a chur isteach

  • Iarraidh ar na páirtithe leabhar údaráis a chuimsíonn reachtaíocht, cásdlí agus ábhair eile a mbeifear ag brath orthu le linn na héisteachta.

Ráiteas fianaise a iarraidh a bheartaíonn aon fhinné a mbeifear ag gairm air ag an éisteacht achomhairc a thabhairt.
Nuair is dócha go mbeidh na páirtithe ag brath ar fhianaise shaineolach de chineál teicneolaíochta nó eolaíoch, treoir a thabhairt go mbuailfidh na saineolaithe le chéile roimh an éisteacht agus ráiteas comhaontaithe a ullmhú ina sonraítear na réimsí sin ina n-aontaíonn na saineolaithe agus na réimsí sin ina bhfuil tuairimí difriúla ag na saineolaithe.
Treoracha a thabhairt do pháirtithe eile páirt a ghlacadh san achomharc.

Cuirfear treoir ó na Coimisinéirí Achomhairc i scríbhinn do gach páirtí san achomharc (cibé acu trí ríomhphost nó tríd an bpost). De ghnáth cuirfear Treoir mar theideal ar an gcomhfhreagras agus déanfaidh sé cur síos ar an treoir atá sa chomhfhreagras. Mar shampla, cuirfear an teideal   Treoir ar aon litir ina n-iarrfar ort freastal ar Chomhdháil Bainistithe Cás.

Leagfar amach sa Treoir an spriocdháta atá leagtha síos ag an gCoimisiún um Achomhairc Chánach duit chun an treoir a chomhlíonadh. Mura gcomhlíonfaí Treoir d’fhéadfadh sé go ndéanfaí d’achomharc a dhiúltú. Má dhéantar an t-achomharc a dhiúltú, seasfaidh an measúnú nó an cinneadh a d’eisigh na Coimisinéirí Ioncaim.

Diúltú Achomhairc

Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc d’achomharc a dhiúltú má theipeann ort treoir na gCoimisinéirí Achomhairc a chomhlíonadh, e.g. faisnéis a sholáthar a measann siad a bheith ábhartha maidir le breithniú an ábhair atá faoi achomharc. Eiseoidh an Coimisiún um Achomhairc Chánach fógra go bhfuil sé ar intinn aige d’achomharc a dhiúltú agus tabharfar deis duit míniú a thabhairt ar an bhfáth a gcreideann tú nár cheart an t-achomharc a dhiúltú. Ansin breithneoidh an Coimisinéir Achomhairc air seo agus déanfaidh sé cinneadh a bheidh críochnaitheach agus dochloíte.

De rogha air sin, féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh a dhéanamh ar na hábhair atá faoi dhíospóid i d’achomharc bunaithe ar an bhfaisnéis a fuair siad agus de réir a mbreithiúnais is fearr.

Éisteachtaí

Fógra faoi éisteacht

De ghnáth tabharfaimid fógra 6 seachtaine ar a laghad faoi dháta d’éisteachta mura n-aontaíonn tú féin agus na Coimisinéirí Ioncaim le tréimhse níos gairide. Ba cheart duit an Coimisiún um Achomhairc Chánach a chur ar an eolas láithreach, i scríbhinn, mura bhfuil an dáta a socraíodh do d’éisteacht áisiúil agus na cúiseanna a leagan amach. Scríobhfaimid chugat ansin lena rá leat an bhfuil d’iarratas ar athló deonaithe nó nach bhfuil.

Má fheictear dúinn go bhfuil cur chun cinn d’achomhairc réidh le dul ar aghaidh chuig éisteacht, féadfaimid teagmháil a dhéanamh leat agus leis na Coimisinéirí Ioncaim le cruinniú gairid a shocrú leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach d’fhonn aontú ar an lóistíocht le haghaidh stiúradh na héisteachta, lena n-áirítear an t-am agus an dáta, fad na héisteachta agus aon chéimeanna is gá a ghlacadh roimh an éisteacht. Tugtar Comhdháil Bainistithe Cásanna air seo.

Cé a fhreastalaíonn ar an éisteacht?

De ghnáth éisteann Coimisinéir Achomhairc amháin leis an éisteacht achomhairc.

Féadfaidh tú freastal in éineacht le d’ionadaithe (mar chomhairleoir cánach cáilithe nó abhcóide dlí). Mura bhfuil cáilíocht ghairmiúil ag d’ionadaí féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc, dá rogha féin, ligean don duine sin ionadaíocht a dhéanamh ar do shon ag d’éisteacht má mheasann siad gur cuí déanamh amhlaidh. Ní gá go mbeadh ionadaithe agat agus is féidir leat ionadaíocht a dhéanamh ar do shon féin ag an éisteacht.

De ghnáth suíonn an tAchomharcóir, a (h)ionadaithe agus a f(h)innéithe, más ann dóibh, ar thaobh na láimhe clé den seomra os comhair an Choimisinéara Achomhairc. Suífidh an páirtí atá i do choinne sa chás e.g. na Coimisinéirí Ioncaim ar an taobh eile den seomra in éineacht le habhcóide dlí na gCoimisinéirí Ioncaim agus finnéithe na gCoimisinéirí Ioncaim, más ann dóibh.

Finnéithe

D’fhéadfadh sé go mbeadh finnéithe ar a mbeidh tú ag iarraidh orthu fianaise nó fianaise ó shaineolaí a chur i láthair i measc freastalaithe eile ar an éisteacht.

Is féidir nach mbeidh ar fhinnéithe freastal ar an éisteacht ina hiomláine. Ina áit sin, iarraimid go bhfuil siad réidh le go n-iarrfar orthu le linn na héisteachta nuair is mian leat a iarraidh orthu fianaise a sholáthar, ceisteanna a fhreagairt de réir mar is gá nó fianaise ó shaineolaí a thabhairt.

Cinntí

Céard é cinneadh?

Is éard is cinneadh ann ná ráiteas arna sholáthar ó na Coimisinéirí Achomhairc a thugann achoimre ar an gcinneadh maidir le d’achomharc.

Eiseofar cinneadh ag:

deireadh na héisteachta achomhairc,
tar éis na héisteachta achomhairc, nó

I gcás go ndéantar breithiúnas ar chás gan éisteacht achomhairc, tar éis do na Coimisinéirí Achomhairc athbhreithniú a dhéanamh ar na fíricí agus ar achoimre ar na hargóintí a chuir tú i láthair i d’achomharc agus cinneadh a dhéanamh.

Meastar go bhfuil cinneadh arna dhéanamh ag Coimisinéir Achomhairc críochnaitheach agus dochloíte, ach amháin sa chás go ndéanann tú féin nó na Coimisinéirí Ioncaim achomharc chun na hArd-Chúirte ar chinneadh dlí, ar phointe dlí amháin.

Cineálacha cinntí

Cinneadh ó bhéal - Féadfaidh Coimisinéir Achomhairc cinneadh a dhéanamh, tar éis éisteacht an achomhairc, cinneadh ó bhéal a thabhairt ag deireadh na héisteachta achomhairc. Tabharfar an cinneadh seo i scríbhinn ina dhiaidh sin agus seolfar chuig an dá pháirtí san achomharc é.

Cinneadh i scríbhinn - Nuair nach ndéantar cinneadh ó bhéal ag deireadh na héisteachta, beidh ort fanacht go dtí go n-eiseoidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh i scríbhinn a luaithe agus a bheidh na fíricí agus an fhianaise go léir curtha san áireamh acu.

Eiseoidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh maidir le d’achomharc a luaithe agus is féidir go praiticiúil. Nuair a bheidh cinneadh déanta ag na Coimisinéirí Achomhairc maidir le d’achomharc, seolfar an cinneadh i scríbhinn chugat féin agus chuig an bpáirtí eile san achomharc e.g. na Coimisinéirí Ioncaim, laistigh de 21 lá ón uair a dhéantar an cinneadh.

Foilsiú cinntí

Foilseoidh an Coimisiún um Achomhairc Chánach do chinneadh ar a shuíomh Gréasáin, www.taxappeals.ie laistigh de 90 lá ón dá pháirtí san achomharc a chur ar an eolas faoin gcinneadh. Sula ndéanfaimid é seo, bainfimid d’ainm agus sonraí pearsanta eile a bhaineann le d’achomharc chun d’aitheantas a chosaint.

Achomharc a dhéanamh ar Chinneadh

Mura n-aontaíonn tú leis an gcinneadh atá sa chinneadh a d’eisigh na Coimisinéirí Achomhairc, is féidir go mbeifeá i dteideal an cinneadh a achomharc chun na hArd-Chúirte. Mar sin féin, ní féidir é seo a dhéanamh ach amháin ar phointe dlí. Is dócha go mbeidh scóip theoranta ann don Ard-Chúirt cinneadh fíorais na gCoimisinéirí Achomhairc a chur ar ceal nó a chur ar leataobh.

An chaoi le rochtain a fháil ar ár seirbhís

Ní mór achomhairc de chuid an TAC a dhéanamh i scríbhinn ar ríomhphost nó tríd an bpost. Tugtar Fógra Achomhairc ar an bhfógra scríofa a dhéanann tú agus tá sé ar fáil ag ar ár suíomh ag Notice of Appeal.

De ghnáth, bíonn 30 lá agat le hachomharc a dhéanamh i gcoinne measúnú nó cinneadh deiridh nach n-aontaíonn tú leis. Tosaíonn an teorainn ama 30 lá ar dháta an fhógra measúnaithe cánach. Tá rogha teoranta ag an TAC glacadh le hachomharc déanach, ach féadann sé é sin a dhéanamh má cuireadh cosc ort achomharc tráthúil a dhéanamh mar gheall ar neamhláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile. Breithneoidh an Coimisiún achomharc déanach, má dhéantar é gan moill réasúnach agus má dhéantar an t-achomharc laistigh de 12 mhí tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear chun achomharc a dhéanamh. Video link

Tugtar an rogha do gach páirtí úsáid a bhaint as ár n-áis físchomhdhála Polycom (VC) mar chuid dá gcuireadh bunaidh chuig Comhdháil Bainistithe Cás. Táthar ag síneadh na tairisceana sin freisin chuig finnéithe a chaithfidh freastal ar Éisteacht, ar choinníoll nach mbeidh aon agóidí ón bpáirtí eile. Má dhéanann an páirtí eile agóid i ndáil le héisteacht, ansin caithfear an tairiscint a tharraingt siar.

Áireofar leis an treoir a gheobhaidh tú treoracha faoi na roghanna teicneolaíochta atá ar fáil duit chun dul isteach sa chruinniú trí chian-nasc. Ar an mbealach seo, is féidir nach mbeidh ort am agus costas taistil a thabhú chun freastal ar an gcruinniú go pearsanta.

 
Cá mbeidh éisteacht m’achomhairc?

Beidh éisteachtaí An Choimisiúin um Achomhairc Chánach ar siúl inár n-oifig ag:

Cúirt Mhic Liam,

Clós Líosain,

Baile Átha Cliath 2, D02 YW24.

Beidh éisteachtaí ann ar an dara hurlár. Nuair a thagann tú chuig an deasc fáiltithe ar urlár na talún iarr ar an bhfreastalaí a chur in iúl dúinn go bhfuil tú tagtha agus treoróidh duine éigin ón gCoimisiún um Achomhairc Chánach thú chuig seomra na héisteachta.

Cé mhéad a chosnaíonn sé rochtain a fháil ar ár seirbhís?

Soláthraíonn An Coimisiún um Achomhairc Chánach seirbhís saor in aisce.  Ní dhámhann An Coimisiún um Achomhairc Chánach costais dlí ar son achomharcóirí nó ina gcoinne.

An éilítear orm an cháin faoi dhíospóid a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim sular féidir liom achomharc a dhéanamh?

De ghnáth ní éilítear ort an cháin faoi dhíospóid a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim sula ndéanann tú d’achomharc.

De ghnáth bíonn ort an méid faoi dhíospóid a íoc ar dtús nuair a bhaineann an t-ábhar atá faoi dhíospóid le gearríocaíocht dleachtanna custaim nó máil nó má bhaineann d’achomharc le cinneadh críochnaitheach na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le luacháil feithicle chun críocha Cánach Cláraithe Feithicle.

Maidir le cánacha mar cháin ioncaim agus cáin gnóthachan caipitiúil, ceanglófar ort foirm thuairisceáin cánach a chur isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim agus cibé méid cánach, más ann, a dhearbhaigh tú ar an tuairisceán seo a bheith íoctha agat (i.e. do dhliteanas cánach féinmheasúnaithe). Má ardaíonn na Coimisinéirí Ioncaim measúnú inachomhairc chun do dhliteanas cánach a mhéadú os cionn do mhéid féinmheasúnaithe, is féidir leat achomharc a dhéanamh sa chás sin gan an cháin faoi dhíospóid a íoc ar dtús.

Is den tábhacht a thabhairt faoi deara mura n-éiríonn le d’achomharc agus má chinneann na Coimisinéirí Achomhairc go bhfuil cáin bhreise iníoctha, d’fhéadfadh go mbeadh ús i bhfeidhm ar íocaíocht dhéanach na cánach breise atá dlite.

Baineann cinneadh ar d’amharc ag na Coimisinéirí Achomhairc leis an méid cánach faoi dhíospóid amháin. Ní féidir leat achomharc a dhéanamh chuig An gCoimisiún um Achomhairc Chánach i gcoinne íocaíochta úis nó cáin ghearríoctha.

Is féidir leat, más mian leat, íocaíocht maidir leis an gcáin atá faoi dhíospóid a dhéanamh ag céim ar bith den phróiseas achomhairc chun cosc nó laghdú a chur le haon ús a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm ar cháin a meastar a bheith gann a íoc ar chinneadh d’achomhairc.

Níl aon dlínse ná cumhachtaí ag an gCoimisiún um Achomhairc Chánach maidir le measúnú, tarscaoileadh nó bailiú úis atá dlite ar cháin.

An ceart um athbhreithniú maidir leis an tseirbhís a sholáthraímid

Is éard is cinneadh ann ná ráiteas arna eisiúint ó na Coimisinéirí Achomhairc a thugann achoimre ar an gcinneadh maidir le d’achomharc.

  • Eiseofar cinneadh  ag:
  • deireadh na héisteachta achomhairc,
  • tar éis na héisteachta achomhairc, nó

I gcás go ndéantar breithiúnas ar chás gan éisteacht achomhairc, tar éis do na Coimisinéirí Achomhairc athbhreithniú a dhéanamh ar na fíricí agus ar achoimre ar na hargóintí a chuir tú i láthair i d’achomharc agus cinneadh a dhéanamh.

Meastar go bhfuil cinneadh arna dhéanamh ag Coimisinéir Achomhairc críochnaitheach agus dochloíte, ach amháin sa chás go ndéanann tú féin nó na Coimisinéirí Ioncaim achomharc chun na hArd-Chúirte ar chinneadh, ar phointe dlí amháin.

Cáirt um Sheirbhís do Chustaiméirí

Tá an TAC tiomanta seirbhís d’ardchaighdeán a sholáthar dár gcliaint go léir, de réir na bprionsabal, na gcleachtas agus na nósanna imeachta atá leagtha amach sa Chaighdeán Rialachais Chorparáidigh don Státseirbhís agus go sonrach, an Cód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit. Feidhmíonn an TAC de réir phrionsabail na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí arna gceadú ag an Rialtas.

Leagann an Cháirt seo amach na caighdeáin a bhfuil sé mar aidhm againn a sholáthar do chliaint. Déanfaimid ár bhfeidhmíocht a thomhas agus a mheas i gcoinne na gcaighdeán seo agus tabharfaimid tuairisc ar ár dtorthaí inár dTuarascálacha Bliantúla.