Gairmeacha sa Choimisiún Achomhairc Chánach

1. Réamhrá

Is é misean an Choimisiúin um Achomhairc Chánach próiseas achomhairc nua-aimseartha, neamhspleách agus éifeachtúil a chur ar fáil maidir le héisteacht agus le breithniú gach achomharc cánach.

2. Earcaíocht

Is iondúil go ndéanann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP) earcaíocht don Choimisiún Achomhairc Chánach, trí iomaíocht oscailte. Is é an SCP an soláthraí láraithe seirbhísí earcaíochta, measúnaithe agus roghnúcháin don státseirbhís agus is é an príomhbhealach rochtana d'iarrthóirí ar spéis leo dul isteach sa tseirbhís phoiblí.


Tá gach eolas d'aon phoist oscailte reatha agus faisnéis a bhaineann le SCP ar fáil ar láithreán gréasáin Poist Phoiblí.

3. Soghluaisteacht na Státseirbhíse

Gealltar i bPlean Athnuachana na Státseirbhíse go leathnófar deiseanna gairme agus soghluaisteachta don fhoireann thar theorainneacha geografacha, eagraíochtúla agus earnála. De réir an ghealltanais sin, seoladh Scéim nua Soghluaisteachta na Státseirbhíse Dé Luain an 13 Samhain 2017, rud a chuireann ar chumas gach ball foirne buan i ngráid ghinearálta na Státseirbhíse d'Oifigeach Cléireachais agus d'Oifigeach Feidhmiúcháin iarratas a dhéanamh ar shoghluaisteacht. Cuimsíonn an chéim sin den tsoghluaisteacht gluaiseachtaí idir agus laistigh de 46 chrios.

I gCéim 2 beidh gráid ghinearálta na Státseirbhíse AOF, OR agus POC. Cuirfear plé ar an gcéim seo maille le nuashonruithe in iúl do bhaill foirne in am trátha.

Is féidir eolas faoi Scéim Soghluaisteachta na Státseirbhíse a fháil anseo, lena n-áirítear na téarmaí agus coinníollacha, léarscáil idirghníomhach, liosta eagraíochtaí do gach crios agus lámhleabhar treorach d’úsáideoirí.

4. Buntáistí a Bhaineann le Bheith Ag Obair Linn

Is fostóir comhdheiseanna muid agus tá ár mbuntáistí dírithe ar riachtanais a chomhlíonadh do lucht saothair éagsúil.

Is cúis bhróid dúinn a bheith ag tairiscint:

  • deiseanna den scoth chun cur go díreach le téarnamh gheilleagar na hÉireann
  • róil dhúshlánacha agus éilitheacha ag leibhéil aonair agus foirne
  • an deis chun difríocht dhearfach a dhéanamh
  • aiseolas feidhmíochta chun cabhrú leat, tógáil ar do láidreachtaí agus scileanna nua a fhorbairt
  • cothromaíocht oibre is saoil
  • uaireanta oibre solúbtha
  • deiseanna foghlama agus forbartha