Polasaí Twitter

Twitter - @IRLTaxAppeals

Úsáidtear Twitter mar phríomhuirlis meán sóisialta an Choimisiúin Achomhairc Chánach. Tá an cuntas á bhainistiú ag foireann údaraithe Teicneolaíocht Faisnéise. Spreagtar aiseolas ó leantóirí agus déanaimid iarracht a bheith ag plé leo nuair is féidir. Tá an cuntas nasctha le cuntas oifigiúil Láithreán Gréasáin an Choimisiúin um Achomhairc Chánach.

Cad é ar féidir le leantóirí a bheith ag súil leis?

  • fógrófar gach cinneadh oifigiúil ón gCoimisiún um Achomhairc Chánach a eiseofar trí Twitter chomh maith le gnáthbhealaí dáileacháin
  • fógrófar foláirimh faoi ábhar nua ar ár láithreán gréasáin agus naisc chuig foilseacháin oifigiúla a bhaineann le hobair an Choimisiúin Achomhairc Chánach trí Twitter
  • ní formhuiniú tuairime ná tráchta iad atvuíteanna de chuntais tríú páirtí.
  • leanfaidh an cuntas oifigiúil gníomhaireachtaí agus cuntais rialtais eile a leanann sprioclucht féachana an Choimisiúin Achomhairc Chánach iad. Má leanann tú muid ní gá go leanfaimid thú
  • mura bpléitear ábhar níor cheart breathnú air sin mar dhiúltú trácht a dhéanamh ar shaincheist ar leith. Ní ghlacann an Coimisiún um Achomhairc Chánach aon fhreagracht as aon bhriseadh síos sa chóras Twitter
  • má bhíonn tvuíteanna maslacha nó turscar ann, cuirfear bac ar leantóirí agus tuairisceofar iad go díreach chuig Twitter